DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
fráma agus cloichíní ar shlata nó ar shreanga air chun comhairimh
céim nó údarás aba nó ban-aba
láidir nó cliste nó oilte go leor chun rud a dhéanamh
sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
ardscoil; cumann le léann nó eolaíocht a chur chun cinn
fad agus leithead áite; fad slí nó ama
cáineadh ar dhuine as rud éigin a rinne sé nó a dúirt sé
cumas ar obair nó ar chruatan nó ar chostas a sheasamh; maoin, saibhreas
tomhas talún, 4,840 slat chearnach nó beagán faoi dhá chúigiú de heicteár
péacadh nó polladh le hadharca
ball cinn lena mbraitheann feithid a bealach roimpi nó lena lorgann sí bia
rópa nó strapa ar cheann capaill, asail etc., chun é a sheoladh nó a cheangal
a rá amach go hoscailte; bheith sásta a rá gur mar sin atá; nóta á rá go bhfuair tú nó gur íoc tú as rud éigin; faoistin a dhéanamh i gcoir
feis nó siamsa faoin aer; tógáil aeir duit féin
stopadh srutha i bpíopa nó i gcaidéal trí aer a ligean isteach ann
nach ligeann aer isteach nó amach
feiste slat nó sreang a ionramhálann comharthaí raidió nó teilifíse
rialú ar ghlaine agus ar theas an aeir i bhfoirgneamh nó i ngléas taistil
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
oscailt nó poll an-domhain sa talamh, duibheagán
réidh le baint (mar arbhar) nó le hithe (mar úll); gasta, cliste (súil aibí)
teacht aibí nó a dhéanamh aibí
poll portáin nó gliomaigh
béim ghutha ar shiolla cainte; comhartha fuaime nó béime ar litir scríofa
cineál daoine; cineál ar leith ainmhithe nó plandaí
galar craicinn a ngabhann puchóidí nó goiríní dearga leis
cáineadh nó pionósú as rud
duine nó ainmhí nach bhfuil a dhathú ceart ionas go mbíonn a chraiceann, a ghruaig, a chlúmh, etc., bán agus a shúile bándearg
focal molta do Dhia ach a deirtear uaireanta le hionadh nó le díomá
neamhacmhainn ar bhianna áirithe nó ar shubstaintí mar phailin san aer
rud a mhéadaíonn nó a ardaíonn fuaim; gléas a chuireann breis nirt le sruth leictreachais agus a ardaíonn an fhuaim ó ghléas raidió, etc.
a dhéanamh aimrid nó seasc; steiriliú
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
duine nó gléas a aimsíonn rud
ceal feasa nó eolais; dúire intinne
staid áite nó tíre ina bhfuil daoine imithe ó smacht dlí
an focal aithne a thugtar ar dhuine nó ar rud nó ar áit; cáil, clú; ainmfhocal
pláta miotail a bhfuil ainm duine air (ar dhoras tí nó seomra de ghnáth)
(sa ghramadach) ainm duine nó ruda (mar shampla, is ainmfhocail iad buachaill, Seán, capall, áit)
gan a bheith measartha nó réasúnta; craosach
ainm fileata ar chailín nó ógbhean
míriail, easpa rialach nó smachta; easpa rialaithe i dtír
adharcán; aeróg raidió nó teilifíse
comhaireamh, cuntas (rud a chur san áireamh); uimhríocht; uimhir nó suim (áireamh daoine); cur i gcuntas (ní áirím thusa; ag áireamh na mblianta)
miotal geal luachmhar ar féidir snas breá a chur air chun earraí agus ornáidí luachmhara a dhéanamh; boinn mhiotail nó nótaí bainc chun íoc as rudaí; saibhreas (fear airgid)