TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
mála fir4 sac nó sparán ► mála an domlais sac sa chorp atá líonta de dhomlas ► mála láimhe mála a n-iompraíonn bean a sparán agus giuirléidí eile ann
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
mála líonta d'aer te nó de ghás a éiríonn in airde sa spéir
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
an chuid den chorp a bhfuil an goile agus na putóga ann; mála (bolg saighead); boilsc (bolg seoil); áit le lasta a chur ann (bolg loinge); lár (bolg an chuain, i mbolg an lae)
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
cineál de mhála istigh sa chorp ina gcoinnítear an bia tar éis a ite go dtí go ndíleáitear é; fonn nó acmhainn ite (goile a bheith agat do rud; tá a ngoile acu)
síol arbhair; grán, arbhar (mála gráinne); blúire de ghaineamh nó de shalann nó d'aon ábhar garbh mar sin; tomhas beag (gráinne siúcra); snáithe (adhmaid, cloiche) (i gcoinne an ghráinne)
mála beag sa chorp agus domlas ann
sac, mála; culaith (paca seoil); foireann, drong (paca cártaí; paca rógairí)
píb agus mála gaoithe léi
píb agus boilg léi a shéideann an mála gaoithe - píb na hÉireann
fáisceán fada dúnta d'éadaí, do mhálaí etc., ina dtéann dhá shraith fiacla i ngreim ina chéile nuair a tharraingítear sleamhnán eatarthu
mála nó púitse beag chun airgid; goile ainmhí
cineál de mhála líonta le ruainneach, cadás, clúmh etc., mar chuid de leaba, agus spriongaí istigh ann nó faoi de ghnáth
mála an bhainne ag ainmhithe mar an bhó, an chaora etc.