TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
méid1 fir4 líon, uimhir, tomhas, suim (an méid airgid atá acu, an méid oibre a rinneadh, an méid agaibh atá i láthair)
méid2 bain2 toirt, téagar (tá méid mhór dá aois ann, tóg iad de réir méide; ag dul i méid)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an méid atá, a bhí etc. (sin a bhfuil ann; d'imigh a raibh i láthair)
cinnteacht, siúráil (áirithe a bheith agat ar rud); suim nó méid chinnte, cion, roinnt (an áirithe chéanna airgid)
an méid rudaí óga a bheireann ainmhí in éineacht (ál banbh); an méid éan óg a thagann amach in éineacht i nead (ál sicíní)
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
tuairim áirimh nó méide (ballaíocht ar chéad)
an méid ball atá i gcumann; bheith i do bhall de chumann
an méid bainne a thugann ainmhí d'aon bhleán
at, fás, dul i méid; stoirm farraige, suaill
an difear idir an méid a chosain rud agus praghas a dhíolta; sochar, buntáiste (brabach a fháil, a bhreith, ar dhuine)
ainm, clú, teist an phobail ar dhuine (tá cáil an léinn air); mianach, stuif, cáilíocht (ball maith é ina cháil féin); suim, méid áirithe, cuid (cáil amhrais)
suim nó méid áirithe, roinnt mhaith
an méid a líonann nó a thógann árthach
an oiread céanna, an mhéid nó an toirt chéanna
an méid nó an oiread céanna (déanfaidh mé a chomhoiread duit)
an méid is lú daoine nach mór a bheith i láthair ag cruinniú sula bhféadfar an gnó a dhéanamh go hoifigiúil
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
bheith i dteideal, tuilleamh (dlíonn sé onóir; an méid atá dlite duit); bheith de dhualgas ort (dlímid Dia a ghuí)
an méid a fhanann gan ól de dheoch nó gan ithe de bhia, fuíoll nó deasca; aon rud gan mhaith, an chuid is measa de rud
céim i scála méide nó maitheasa nó fiúntais
ceithre phionta; soitheach a thógfadh an méid sin
a dhéanamh lán nó éirí lán; (le taoide) teacht isteach; an méid nó an rud a líonann (tá líonadh sa bhia sin); búiste (gé a líonadh; líonadh a chur i ngé)
an méid is fiú rud (luach fiche punt de rud); praghas (ní fiú a luach é); cúiteamh, íocaíocht (luach saothair, na foighne)
toirt, líon, méid (le ar, cá, cé, dá)(ar mhéad mo mhuiníne as; cá mhéad duine atá ann? dá mhéad a ngrá dá chéile)
gléas a thomhaiseann an méid gáis nó leictreachais nó uisce a úsáidtear i bhfoirgneamh
dul nó cur i méid; breis, ardú (méadú ar luach)
toise nó méid nó cainníocht ruda arna thomhas (miosúr a thógáil); gléas tomhais (miosúr galúin; táilliúir gan miosúr); an áirithe sin de rud (miosúr plúir)
méid, uimhir (níl a oiread clú air agus a bhíodh; déanfaidh mé a oiread duit; an oiread céanna airgid); toirt (níl oiread m'ordóige ann; oiread na fríde); fiú amháin (ní raibh a oiread is focal as); áirithe (an oiread seo airgid)
an méid a chosnaíonn rud, luach
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint (tá trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid (tá roinnt mhaith airgid aige); beagán (tá sé roinnt cosúil leat)
iomlán rudaí le chéile, méid (suim airgid; ag dul chun suime); cuntas, luach (rud gan suim; díoladh faoi shuim iad); áireamh (suimeanna a dhéanamh); tamall, uimhir (le suim de bhlianta); éirim, achoimre (suim an scéil); spéis (má tá suim agat inti; más suim leat do bheo)
tabhairt bainne (bó ag tál ar lao); an méid bainne a thagann (tál breá bainne); sileadh (ag tál na ndeor)
ag brath ar (i dtaobh leis an méid sin)
(le bád) an méid uisce a chuireann sí as áit agus í ar snámh
chomh mór is atá rud, méid; cruth, deilbh (chonaic sé an toirt sa dorchadas)
focal nó figiúr a léiríonn cá mhéad (uimhreacha is ea 0, 3, 16, 106 etc.); áit aon ruda i sraith (teach leis an uimhir 7 i sráid, mar shampla); líon, méid (duine dá n-uimhir, uimhir dá ndaoine)
rogha duine arna léiriú go foirmiúil i dtoghchán; guth an phobail a léirítear le vótáil; an méid vótaí a chaitear; an méid airgid a vótáiltear mar chiste caiteachais (vóta an airm)