SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige)
duine a dhéanann rud le taitneamh dó agus ní ar airgead, duine gan mórán cleachtaidh ar rud ach ar breá leis a bheith ag gabháil dó
rud nach fiú mórán é nó atá ar bheagán tábhachta
blaiseadh de rud gan fonn mórán de a ithe nó a ól
gan dóthain de riachtanais na beatha; gan mórán maoine nó airgid; gan mórán fáis (talamh bocht); gan mórán téagair (beithíoch bocht); gan mórán maise (culaith bhocht); gan mórán tairbhe (obair bhocht); gan mórán dealraimh (leithscéal bocht); dona (pian bhocht, is bocht an scéal é); ina dhíol trua (mo leanbh bocht); ina dhíol drochmheasa (an t-amadán bocht)
gan éisteacht, nó gan mórán éisteachta; (le fuaim) maolaithe, íseal (toirneach bhodhar); gan mhothú (bhí mo mhéara bodhar le fuacht)
nach bhfuil crua (talamh bog); nach bhfuil mórán stró leis (saol bog); nach bhfuil an-ard (glór bog); nach bhfuil an-te (bainne bog); nach bhfuil daingean (greim bog)
aghaidh, éadan (cúinse a thabhairt do rud); geáitse (bíonn mórán cúinsí ar siúl aige); leithscéal, coinníoll (ar aon chúinse; ghlac sé leis gan chúinse); cleas, beart glicis (fear cúinsí é sin)
caol (bealach cúng); gan mórán spáis (teach cúng; sciorta cúng); gan leithead, gan fairsinge (tuairimí cúnga; tá croí cúng aige)
(le duine) gan mórán fulaingthe ar thuairimí daoine eile
fíochmhar; gan trua; gan mórán cairdis ná féile
bail an ruda atá dlúth, tibhe, fuinteacht (dlús in éadach); mórán, cuid mhaith (an bhfuil aon dlús airgid agat?); fuinneamh, breis gusa (cuir dlús leis an obair)
áit nó tír dhúchais; talamh, eastát; réigiún, taobh tíre, ceantar; mórán (an dúiche daoine, airgid etc.)
gan mórán goile, lag-ghoiliúil
gan a bheith fada nó ard, gearr; gann (gairid in airgead, i mbia); gar (gaol gairid); gan mórán achair (is gairid uainn é, is gairid a mhair sé); cóngarach (bheith gairid d'áit)
easpa faid, giorra (giorracht saoil); gan mórán achair (i ngiorracht aimsire); cóngaracht (i ngiorracht do rud)
mórán, an-chuid; éagsúlacht mhór
faoi mhórán sleasa; iltaobhach
mórán, a lán (an iomad daoine, ar an iomad slí); iomarca, farasbarr (tá an iomad le rá aige)
(leis an gcopail) cuid mhaith, mórán (is iomaí uair a bhí mé ann)
an leagan de ní4 a úsáidtear de ghnáth leis an aimsir chaite (níor chreid sé mé; níor ith tú mórán; níor dheas an rud é)
teach faoi mhórán seomraí a choinníonn cuairteoirí ar airgead
mórán (níl puinn airgid agam; níl puinn air; an bhfuil puinn agat?)
tinneas gan mórán urchóide, de ghnáth, le sraothartach agus casachtach
a bhfuil mórán clainne air, torthúil, bisiúil
an leacht i dtoradh nó i nglasra etc. (sú oráiste, sú crainn); fuinneamh, brí (níl mórán sú fágtha anois ionam)
ó bhonn, amach is amach (amadán ó thalamh; thug sé dó ó thalamh é); dul chun cinn (gan mórán talaimh a dhéanamh)
ábhar drithleach a úsáidtear i gcomhair mhaisiúchán na Nollag; aon ní gáifeach gan mórán tairbhe