SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
múscailt as chodladh; preab (dúiseacht a bhaint as duine); bail an ruda atá dúisithe (bhí sí ina dúiseacht); tosú (inneall a dhúiseacht)
solas nó tine a theacht nó a chur ar rud (lampa, tine a lasadh; ní lasfaidh an gual); múscailt (lasadh feirge); éirí feargach (cneá ag lasadh); deargadh (las sé suas san aghaidh)
tathant; gríosú, saighdeadh (an pobal a spreagadh); múscailt (an chuimhne, mianta, a spreagadh); cur suas (spreag an diabhal é); tabhairt amach (ceol a spreagadh, ag spreagadh Béarla)
ardú suas (clocha a thógáil); piocadh suas (ag tógáil muiríní); díriú suas (crann báid a thógáil); cur suas (ag tógáil tí); tabhairt suas (ba, éanlaith, a thógáil; tógadh le Gaeilge í); ardú, múscailt (tóg do chroí; raic a thógáil; cé a thóg an cheist?); dreapadh (céimeanna staighre a thógáil); bailiú (cíos a thógáil); piocadh suas (paisinéirí a thógáil; is uaidh a thóg mé an slaghdán, an t-amhrán); glacadh (an méid a thógfadh an bus; thóg sé mar achasán é; lá saoire a thógáil; coiscéim a thógáil); bordáil (traein a thógáil); breith chun siúil (cé a thóg mo leabhar?); sealbhú (tóg do shuíochán); toghadh (Seán an t-ainm a thóg sé); gabháil (an bealach a thóg sé); glacadh mar shampla (tóg Brian anseo); glacadh le (ní thógfainn £10 air); baint as (thóg sé bliain orm); (le dlí) gabháil (thóg Gardaí é); baint, gnóthú (is í Máire a thóg an duais); agairt (ná tóg orm é)