TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ná1 mír bhriathartha a ordaíonn gan rud a dhéanamh (ná habair é; ná bíodh eagla ort)
ná2 mír leis an mbriathar bheith, a ghuíonn nach dtarlódh rud (ná raibh maith agat)
ná3 cón = nó in abairt dhiúltach (níl mac ná iníon aige)
ná4 cón focal a chiallaíonn i gcomparáid le(is sine é ná mé; tá sé níos airde ná tú)
ná5 cón ach (cad a bheadh romham ná asal, cé a bheadh ann ná Seán)
ná6 cón focal faisnéiseach leis an gcopail (is é ainm a bhí air ná Séadna)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
duine atá i bhfad níos lú ná an gnáthdhuine
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
aerárthach atá níos éadroime ná an t-aer
chomh maith le, mar aon le (mise agus tusa, a dó agus a trí, shuigh sé agus lig a scíth, ná mol agus ná cáin)
singil, aonair (duine amháin); gan níos mó ná sin (sinn féin amháin)
céim ard; céim léinn is airde ná baitsiléir
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm)
níos mó ná an cothrom, tuilleadh; níos mó ná a ceapadh nó mar is gá; fás, biseach; iomarca (breis ualaigh)
faoiseamh ama (d'iarr sé cairde bliana orm); faoiseamh íocaíochta (rud a fháil ar cairde); moill, cur siar (ná cuir do leas ar cairde)
tomhas meáchain do sheoda; aonad chun fíneáltacht óir a léiriú (Tá ór 22 carat níos fíneálta ina mhianach ná ór 14 carat)
baile tábhachtach atá níos mó ná baile mór
cath a chur nó a bhualadh; griogadh chun drochghnímh (ná lig sinn i gcathú); aiféala, aithreachas
cur i bhfolach, coinneáil faoi rún (an fhírinne a cheilt); cosc (ná ceil a chuid air); séanadh (do mhuintir a cheilt)
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
níos aclaí leis an lámh chlé ná leis an lámh dheas; tútach, liobarnach
ball éadaigh scaoilte gan muinchillí, agus é níos faide ná cába
moll ard talún ach é níos ísle ná sliabh
coinneáil; taisce, cosaint (rud a chur i gcoimeád); bac, stopadh (leanbh a choimeád ó scoil; ná bí do mo choimeád níos sia); fanacht i (an leaba a choimeád)
ceart, cothrom (níl ceart ná cóir aige); cion nó sciar ceart (níor ith sé ach a chóir); freastal ceart (chuir sé cóir mhaith orm; cóir leighis a chur ar dhuine); bail cheart (tá gach ní i gcóir againn); feisteas nó fearas ceart (cóir oibre, cóir thaistil); gaoth fhabhrach (seoladh le cóir ghaoithe)
oifigeach aerfhórsa nó cabhlaigh ar chéim níos airde ná captaen
marc (comhartha cluaise, comhartha ceiste); nod a thugann rud le fios (rinne sé comhartha dom); tuar a léiríonn rud atá le teacht (comhartha fearthainne); rian, cosúlacht (comhartha scine; ní bhfuair sé ach comhartha); aird, ceann (ná tóg aon chomhartha de); fógra, méar eolais (comharthaí bóthair); rian aitheantais (comharthaí aithne, comharthaí sóirt)
cur fút, maireachtáil (áit chónaithe, scoil chónaithe); suan, suaimhneas (na páistí a chur faoi chónaí); stad, stopadh (ní dhearna sé stad ná cónaí)
éirí tuirseach nó a dhéanamh tuirseach, traochadh (ná coir thú féin leis; d'éirigh sé cortha de)
géilleadh do rud nó glacadh leis go bhfuil sé fíor (creidim i nDia; ná creid focal uaidh); onóir, ábhar measa (is creidiúint don tír é); cáil (a chlú is a chreidiúint)
miotal geal gléigeal nach dtagann smál ná meirg go héasca air
miotal geal gléigeal nach dtagann smál ná meirg go réidh air
cruth, déanamh; dealramh, féachaint (cuma na hoibre; níl cuma ná caoi air); slí, dóigh (ar chuma éigin, ar aon chuma)
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit)
caitheamh (chuir sé isteach a théarma); lorg (cur isteach ar phost); teacht salach ar (ná bí ag cur isteach orm)
fíochmhar; gan trua; gan mórán cairdis ná féile
duine (ní raibh duine ná daonnaí ann)
a léiríonn scaradh etc. (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint etc. (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth); de + a4 = dá4 ; de + an = den; de + ar = dar3 ; de + ár2 = dár1 ; de + ar3 = dár2
pearsa eaglaise atá níos ísle i gcéim ná sagart
crua, géar, trom, tréan (obair dhian, tuile dhian; ná bí dian air)
aon ní a dhéanann rud amháin difriúil le rud eile, difríocht; an méid is mó uimhir amháin ná uimhir eile de; easaontas
péist mhór cheathairchosach a bhí ann níos mó ná céad milliún bliain ó shin
gan a bheith cam ná cuartha; gan chor gan chasadh; (le haimsiú) cruinn; (le duine) macánta; (le háit nó aimsir) cruinn, ceart (díreach ansin, anois go díreach!)
gan glacadh le rud (ná diúltaigh é); a rá nach mbeidh baint ná páirt agat le rud nó duine; droim láimhe a thabhairt le rud (diúltú don diabhal); lagú (tá an ghrian ag diúltú); seachaint, druidim siar (tá siad ag diúltú romhainn)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
scamhadh fiacla chun duine mar olc air; scaimh; druidim, teagmháil, baint (ná drann leis; níl sé ag drannadh leis an ól)
fonn nó mian chun ruda (dúil i mbia, i dtobac); súil, dóchas (ná bíodh dúil agat leis, ná bí ag dúil leis)
olc nó doicheall as mar a d'éirigh le duine eile, formad (tá éad air; ná bí in éad, ag éad, leis)
eagna, meabhair; caint chliste (ná bí ag eagnaíocht orm)
beart nach bhfuil cóir ná ceart
cuid bhunúsach de rud; substaint ar bith nach féidir a bhriseadh suas ná a dheighilt ina substaintí atá difriúil léi féin (airgead, mearcair, hidrigin); snáth miotail a lasann i mbolgán leictreach
an chuid d'ainmhí, d'eitleán etc., a ghobann uaidh siar; an taobh thiar de dhuine nó de rud (ná bí crochta as m'eireaball; líon eireabaill); íochtar (eireaball cóta, léine)
árthach sciathánach atá níos troime ná an t-aer ach ar féidir léi eitilt