EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
fuaraigh, v.t. & i. Cool. 1. Make cold, chill. Rud a fhuarú, to cool sth. 2. Cool down, become cold. D’fhuaraigh an lá, the day got cool, chilly. Tá an t-uisce ag fuarú, the water is cooling. D’fhuaraigh sé san fhearg, he let his anger cool. Tá a chuid fola ag fuarú feasta, he is not so hot-blooded any more. Níor stad sé is níor fhuaraigh sé (go), he neither stopped nor stayed (until). Prov:An té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid, out of sight out of mind. 3. Relieve. Pian a fhuarú, to relieve pain. 4. Become indifferent. Fuarú i rud, to become indifferent to sth. D’fhuaraigh a ngrá, their love grew cold. 5. Pass (away), become cold in death. Bhí na seanamhráin ag fuarú, the old songs were dying out. Lig don scéal sin fuarú, let that matter die down. Ag fuarú na haimsire, passing the time. Ní raibh sé fuaraithe nuair a bhí siad ag troid faoina chuid, he was hardly dead when they began to squabble over his property.
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
B’éigean dó fuarú sa chraiceann ar théigh sé ann, he had to cool down of his own accord.
~ a thabhairt do, a bhaint as, rud, to cool sth.
Tabhair ~ gaoithe duit féin, let the breeze cool you.
Tháinig ~ allais orm, I broke out in a cold sweat.
~ a dhéanamh, a thabhairt duit féin, to cool oneself.
Córas fuaraithe, cooling system.
~ ó phian, relief from pain.
Tabhair ~ do do chosa, cool, rest, your feet.
Gan ~ bonn, without a halt.
~ a ligean i rud, to let enthusiasm for sth. wane.
~ ceana, cooling off of affection.
Tiarnaí Gael ag dul ar fuarú, the lords of the Gael dying out.
~ fhuaraithe, rósta, shaillte, chilled, roast, corned, beef.