EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
screw1, s. 1 Scriú m. a Right-handed, left-handed, screw, scriú deisil, tuathail. Endless screw, worm screw, scriú gan deireadh. Thumb screw, wing screw, scriú eiteach. Capstan screw, scriú pollta. Bench screw, bís bhinse. Screw joint, alt bíse, Screw-thread, scriúshnáithe m. b Set screw, bís shuite. F: He has a screw loose, tá boc mearaí air. There is a screw loose somewhere, tá rud éigin as alt, lúb éigin ar lár. c A: The screws, bís f ordóige. To put the screws on s.o., to tighten the screw, teannadh ar dhuine, duine a chur faoi luí na bíse. 2 a Nau: Screw(-propeller), lián m (scriú). b Av: Air-screw, aerscriú m. 3 a Casadh. m de scriú. Give it another screw, bain casadh eile as. b Bill: Ten: Casadh m. 4 Coirnín m (siúcra, tobac, etc.). 5 Truailleachán m, sprionlóir m. An old screw, seanrud ceachartha. 6 Cnámharlach m, reangartach m (capaill). 7 Pá m.
screw2, I v.tr. 1 Scriúálaim, daingním le scriú. To screw sth. (on) to sth., rud a dhaingniú ar rud le scriúnna. The knobs screw into the drawer, scriúáiltear na murláin isteach sa tarraiceán. Screwed together, ceangailte le scriúnna. 2 a Teannaim, fáiscim (rud lena chasadh). To screw up a nut, cnó a fháscadh. To screw sth. tight, rud a theannadh go docht. b To screw s.o.'s neck, an scrogall a chasadh ag duine. He screwed his face into a smile, chuir sé strainc ar a aghaidh ag gáire. c To screw (down) the poor, leatrom a dhéanamh ar na boicht. d Bill: Ten: Cuirim casadh ar (liathróid). 3 Gearraim snáithe ar (scriú, etc.). II v.i. 1 (Of tap, etc.) Casann (ar scriú). 2 Spárálaim airgead; déanaim screamhaireacht.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adjusting screw, scriú m rialaithe.
Binding screw, scriú m ceangail.
Elevating screw (of gun), scriú tógála.
He screwed up his eyes, chruinnigh sé a shúile.
Tchn: Female screw, banscriú m.
He has a good head on his shoulders, his head is screwed on the right way, tá cloigeann maith air, tá intinn mhaith chúil aige.
To screw up a nut jam tight, cnó a dhlúthfháscadh.
Screw-cutting lathe, deil scriúghearrtha.
Nau: Av: (Screw-)propeller, lián m (bíse).
F: His head is screwed on the right way, ní dhéanfaidh sé a aimhleas le hamaidí; tá fios a ghnóthaí go maith aige.
The nozzle screws on to the hose, is féidir an soc a scriúáil ar an bpíobán.
To screw the truth, money, out of s.o., an fhírinne, airgead, a fháscadh as duine.
To screw sth. up in a piece of paper, rud a chornadh i bpíosa páipéir.
He screwed up his eyes, rinne sé leathdhúnadh ar a shúile.
He screwed up his lips, theann sé a liopaí; chrap sé a liopaí.
He screwed up his face, chuir sé strainc air féin.
Screw up your courage, cruinnigh do mhisneach.
I screwed myself up to do it, chruinníos mé féin chun a dhéanta.
To screw up the rent, ró-ardú a dhéanamh ar an gcíos.
Mec: Set screw, scriú m suite.
Slotted screw, scriú eanga.
Screw-steamship, scriúghaltán m.
Screw stopper, stopallán casta.
Mec.E: To strip a screw, an snáithe a bhaint de scriú.
Tangent screw, scriú tadhaill.
Tls: (Screw-) tap, cnóshnáthaire m, tapa m.
Teat screw, scriú m sine.
To screw a nut up tight, cnó a fháscadh go docht.
Triple-screw steamer, galtán trí lián.
Twin-screw steamer, galtán dhá lián.
To screw up, (bís, etc.) a theannadh.