EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
taibhrigh, v.t. & i. (vn. -reamh). 1. Dream. (a) Ag taibhreamh ar rud, dreaming of sth. Ag taibhreamh a bhí tú! You must have dreamt it! (b) (Used autonomously with do) Taibhríodh dom (go), I dreamt (that). Bíonn rudaí á dtaibhreamh dó, he imagines things. Ní raibh aon rud á thaibhreamh dó ach é, he never stopped thinking about it. Cad tá á thaibhreamh anois dó? What is he up to now? 2. Show, manifest. Bhí a neart á thaibhreamh dó, he was beginning to realize his strength.
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Rinneadh ~ dom, I had a dream.
Ní raibh aon ~ agam (go), I never dreamt (that).
~ na súl oscailte, waking dream, day-dream.