TORTHAÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
bara1, f. (gs. ~, pl. ~í). 1. Inclination, intention. Má tá an bhara sin fút, if you are so inclined. Dá mbeadh ~ do leasa fút, if you wished to do what was good for you. Tá ~ na himirce faoi, he is thinking of emigrating. Bhí a bhara faoi Mhac Dé teacht, the Son of God intended to come.
bara2, m. (gs. ~, pl. ~í). Barrow. ~ láimhe, rotha, hand-, wheel-, barrow.