Is suíomh idirlín insuiteáilte é Teanglann: is féidir é a úsáid ar líne nó é a shuiteáil mar aip ar do ghuthán póca, ar do thaibléad nó ar do ríomhaire. Níl aon difríocht idir an dá leagan, tá siad go hiomlán mar a chéile. Ciallaíonn sé sin, áfach, nach mór duit bheith ar líne chun an aip a úsáid: ní oibreoidh sí gan ceangal idirlín.
Chun Teanglann a shuiteáil mar aip, cliceáil ar an nasc Suiteáil an aip atá le fáil ag barr gach leathanaigh. An chuid is mó den am, déanfar aip Teanglann a shuiteáil ar do ghléas láithreach. Gheobhaidh tú deilbhín Teanglann i measc na ndeilbhín eile, agus beidh tú ábalta Teanglann a oscailt tríd an deilbhín sin.
Uaireanta, má tá tú ag úsáid brabhsálaí nach dtacaíonn go hiomlán le suímh idirlín insuiteáilte, ní oibreoidh an nasc sin. Ba chóir, áfach, go mbeifeá fós ábalta an aip a shuiteáil ach cliceáil ar shiombail suiteála a chuireann an brabhsálaí ar fáil in aice leis an URL.