Is leagan leictreonach inchuardaithe é seo d'fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill a foilsíodh in 1977. Cloítear go dílis le téacs an bhunfhoclóra. Is é an Foclóir Gaeilge-Béarla príomhfhoinse ortagrafaíochta na teanga ó thaobh litriú na teanga ó foilsíodh é agus is ann a fhaightear an cumhdach is cuimsithí ar an eolas gramadaí srl a bhaineann le focail Ghaeilge.
Chun teacht ar fhocal ar leith, ní gá ach an focal sin a chur sa bhosca cuardaigh agus cliceáil chun teacht ar an eolas ábhartha mar atá in Foclóir Gaeilge-Béarla. Tugtar iontráil nó iontrálacha an fhocail sin in Foclóir Gaeilge-Béarla ar dtús, ansin iontrálacha gaolmhara más ann dóibh, ansin frásaí samplacha ina bhfaightear an focal cuardaigh faoi iontrálacha eile in Foclóir Gaeilge-Béarla.
Tugtar innéacs de cheannfhocail Foclóir Gaeilge-Béarla ar dheis, agus rogha d'fhocail cosúil leis an bhfocal cuardaigh díreach faoin mbosca cuardaigh.