Sa Bhunachar Foghraíochta tá comhaid fuaime ar fáil inar féidir focail a chloisteáil i ngach ceann de na trí mhórchanúint: canúint Chonnacht, canúint Uladh agus canúint na Mumhan. Cainteoirí dúchais as na ceantair chuí atá ag guthú na bhfocal.
Chun fuaimniú focail a chloisteáil, ní gá ach an focal sin a chur sa bhosca cuardaigh agus cliceáil ar an chanúint atá uait chun foghraíocht na canúna sin a fháil. Chomh maith leis sin feictear innéacs ar dheis de na focail go léir a bhfuil comhaid fuaime ar fáil dóibh sa Bhunachar Foghraíochta, agus innéacs aibítreach den ábhar ag barr an scáileáin.