NB: Is iad na rialacha a bhaineann le gnáthúsáid an ainmfhocail ar lorg an réamhfhocail ‘thar’ a thaispeántar sa Draoi Gramadaí. Tabhair do d'aire, áfach, go bhfuil cásanna áirithe ann nach séimhítear an t-ainmfhocal (thar ceann, thar bráid, srl). Féach thíos an sliocht ábhartha as Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm, 1999), leathanach 29 »
4.11 Séimhítear an túschonsan nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm briathartha faoi réir ag an réamhfhocal thar: ní fiú thar phingin é; níor fhan sé thar bhliain ann; ní aithneodh sé cat thar chóiste; thar dhuine [eile]; ní raibh thar chúigear acu ann; thar Chorcaigh; thar mholadh beirte; thar dhroichead na habhann; thar chlaí an bhóthair; thar bharr an chnoic; thar Shliabh an Iolair.
Ach ní shéimhítear i ndiaidh thar i bhfrásaí áirithe ina bhfuil ainmfhocail éiginnte gan cháiliú agus a bhfuil brí ghinearálta leo: thar barr (amach); thar bóchna; thar bráid; thar cionn; thar cnoc (soir); thar droichead; thar fóir; thar muir; thar sáile; thar sliabh; thar tír (amach); thar toinn.
Ní shéimhítear an dara cuid den réamhfhocal comhshuite thar ceann: chuaigh an bhanaltra thar ceann an dochtúra; ach chuaigh an piléar thar cheann an dochtúra.
Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm, 1999)