EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
muin1, f. (gs. ~e, pl. ~í). 1. (Upper) back. Ar ~ capaill, on horseback. Tá tú ar mhuin na muice, you are on the pig’s back, in luck. Chuir siad mo chiall ar mo mhuin dom, they drove me crazy. S.a. mac 5 (c), marc2 2. 2. Top. Níor fhág siad cloch ar mhuin cloiche, they didn’t leave a stone standing. Tubaiste ar mhuin tubaiste, one disaster on top of another. D’inis sé scéal ar mhuin scéil, he told story after story. Tá na blianta ag teacht ar mhuin a chéile, the years follow each other fast. ~ ar mhuin, in quick succession. Ar a mhuin sin, on top of that. De mhuin, consequent on.
muin2, f. (gs. ~e, pl. ~í). Lit: 1. Climbing plant, vine. 2. Letter M in ogham alphabet.
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Chuir siad mo chiall ar mo mhuin dom, they drove me crazy.
Ag ~áil ar marcaíocht, ar muin capaill, ar an traein, going riding, on horse-back, by train.
Ar mhuin mhairc a chéile, thrown on top of one another, higgledy-piggledy.
~ réama, lumps of phlegm.