EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
spit1, s. 1 Cu: Bior m(g. beara) (rósta). 2 Ph.Geog: Gob m, rinn f.
spit2, v.tr. Cuirim (feoil) ar bior.
spit3, s. 1 Seile f. He is the dead spit of his father, is é a athair ar athbhreith é. Spit and polish, sciúradh agus sciomradh. 2 Deora fpl (fearthainne).
spit4 . 1 v.i. Caithim seile. I.C.E: To spit back, casacht a dhéanamh. It is spitting rain, tá braon i mbéal na gaoithe; tá scrabhadh báistí ann. The bullets went spitting against the wall, bhí na piléir ag éirí den bhalla. 2 v.tr. Caithim amach, cuirim amach (fuil, etc.).
spit5, s. a Barr m; domhain f spáide. b Spreab f.