Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: blond · bloody · bloom · brood · flood
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for blood »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
blood1, s. 1 Fuil f(g. fola). a To shed, spill, blood, fuil a tharraingt, a dhoirteadh. To draw blood, fuiliú ar (dhuine). He is spitting blood, ag caitheamh amach seilí fola. F: He is out for blood, cuil an diabhail air. Prov: One can't get blood out of a stone, is doiligh olann a bhaint de ghabhar. The blood stream, cúrsa na fola. It makes my blood boil, cuireann mo chuid fola is feola trína chéile; cuireann i mbarr mo chéille . His blood was up, bhí an-tógtha. His blood ran cold, d'éirigh a chuid fola fuar. To commit a crime in cold blood, coir a dhéanamh go fuarchúiseach. His blood is on his own head, air féin atá an éiric. There is bad blood, ill blood, between them, seandíoltas acu chéile. To infuse new blood into a movement, beocht a chur i ngluaiseacht. The committee needs new blood, teastaíonn daoine óga ón gcoiste. S.a. FLESH 2, PRESSURE 1, BANK3 3. b (Kindred) They are near in blood, siad gairid i ngaol. It runs in the blood, sa dúchas. It's in his blood, tháinig abhaile leis. Blood is thicker than water, is fearr beagán den ghaol mórán den charthanas. c (Birth, race) Prince of the blood, prionsa den fhíorfhuil. Blue blood, fuil ríúil, fuil uasal. Prov: Blood will tell, gach uige mar a hábhar. Blood horse, capall folaíochta. 2 a A: Gaige m. b F: Young blood, ógánach m.
blood2, v.tr. a Ven: To blood the hounds, blas fola a thabhairt do na cúnna. b Mil: To blood the troops, na saighdiúirí a chur faoi thine den chéad uair.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Physiol: To aerate the blood, an fhuil a ocsaiginiú.
Blood bank, stór m fola.
Warm-, cold-blooded animals, ainmhithe a bhfuil fuil the, fuil fhuar, iontu. S.a. COLD-BLOODED, ETC.
One of his eyes is blood shot, séideadh fola ar leathshúil leis.
Caked with mud, with blood, stolptha le draoib; sioctha le fuil.
Blood cell, fuilchillf; cill fola.
A cold-blooded person, fuaránach m;
Blood corpuscles, coirpíní fola.
Blood donation, deonachán m fola.
Donor of blood, deontóir m fola.
Family blood feud, fíoch m bunaidh.
Blood film, sceo m fola.
It was he in the flesh, in flesh and blood, ba é féin ina steillebheatha é.
His own flesh and blood, a ghaolta fola féin, a mhuintir féin.
It is more than flesh and blood can stand, scrúdfadh croí an duine.
To freeze the blood (in s.o.'s veins), an croí a chur ina stad i nduine.
Blood group, fuilghrúpa m.
The blood was gushing out, bhí an fhuil ag brúchtadh, ag teacht ina slaoda.
Inbrued in, with, blood, báite i bhfuil, dearg le fuil.
Med: Issue of blood, sileadh m, tabhairt f, sceitheadh m, fola.
To let blood, fuil a ligean, a tharraingt.
Letter of blood, cuisleoir m.
Poor blood, drochfhuil f.
Med: Blood pressure, brú fola.
High blood pressure, ardbhrú fola.
F: Red as blood, chomh dearg le fuil.
Blood relationship, gaol fola.
To restore the circulation of the blood, an fhuil a chur ag imshruthú arís.
It runs in the family, in the blood, sa mhuintir, san fhuil.
The rivers ran blood, bhí na haibhneacha ina dtuilte fola.
Rush of blood to the head, rabharta fola faoin gcloigeann.
The blood rushed to his face, las san aghaidh.
A sea of blood, loch mhór fola.
Showers of blood, frasa mpl fola.
The blood sprang to her face, gheit an lasair ina haghaidh.
There is a strain of Irish blood in him, braon Éireannach ann.
There is a streak of Irish blood in him, pór m Éireannach ann.
The blood surged to her cheeks, d'éirigh tonn fola ina leiceann.
Floor swimming in blood, urlár báite i bhfuil.
Blood will tell, féidir an dúchas a cheilt.
Blood test, promhadh fola.
To thirst for blood, fraoch fola a bheith ort.
Thirsty for blood, fraochmhar chun fola.
Blood transfusion, fuilaistriú m.
His blood was up, bhí tógtha.
Blood vessel, fuileadán m.
F: (Of pers.) To wallow in blood, fuil a chur ina slaoda.
Lit: To wash out an insult in blood, fuil a dhoirteadh in éiric mhasla.
To lie weltering in one's blood, bheith i do chróluí.
To welter in the blood of many, bheith ar maos, báite, i bhfuil na sluaite.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News