EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
tell, I v.tr. 1 a Insím, deirim (scéal, nuacht, etc.). To tell a lie, the truth, bréag, an fhírinne, a dhéanamh. b To tell s.o. sth., rud a insint do dhuine, a rá le duine. I cannot tell you how pleased I am, níl insint béil agam ar an áthas atá orm. I have been told that . . ., chuala mé go . . . I tell you no! deirim leat nach ea (bhfuil, etc.)! Don't let me have to tell you that again, ná bíodh sin le rá agam arís leat. I told you so! cad dúirt mé leat! I’ll tell you what! cogar mé leat! c Insím, aithrisím (scéal, eachtra). He told me all, d'inis, d'eachtraigh, sé an t-iomlán dom. F: Tell me another! ceann eile nuair atá tú ina cheann! She detests him more than words can tell, níl insint béil ar an bhfuath atá aici dó. I hear tell that . . ., cloisim á rá go . . . I heard tell of it, chuala mé iomrá air. d Foilsím, nochtaim (eolas); sceithim (rún). The sign tells the way, tugann an comhartha eolas an bhealaigh. (Of clock) To tell the time, an t-am a thabhairt. It tells the quarters, buaileann sé an cheathrú. To tell a secret to s.o., rún a ligean le duine. S.a. FORTUNE1. 2 a To tell s.o. about s.o., labhairt le duine, insint do dhuine, i dtaobh duine. To tell of foreign lands, bheith ag eachtraí ar thíortha i gcéin. b (Emphatic) It is not so easy, let me tell you, níl sé chomh réidh sin, deirimse leat, geallaimse dhuit. He will be furious, I (can) tell you, beidh sé ar mire, mise á rá leat, mise i mbannaí. 3 To tell s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine, a rá le duine, rud a dhéanamh. Do as you are told, déan mar a deirtear leat. I told him not to go away, d'iarr mé air, dúirt mé leis, gan imeacht. 4 a Aithním (ó chéile, seachas a chéile, thar a chéile). To tell right from wrong, aithint idir an mhaith is an t-olc. You can't tell her from her sister, ní aithneofá í óna deirfiúr. To tell the clock, an clog a aithint. I could tell him by his voice, a ghlór a d'aithin mé. One can tell that she is intelligent, tá an intleacht le haithint uirthi. b Tá a fhios agam. How can I tell you? cá bhfios domsa? Who can tell? cá bhfios? You never can tell, is deacair a rá. I cannot tell, ní heol dom. 5 To tell of sth., rud a léiriú, a thaispeáint. Her face tells of suffering, tá an fhulaingt le haithint, le léamh, ar a haghaidh. 6 To tell (over), (caoirigh, etc.) a chuntas, a chomhaireamh. All told, san iomlán. There were twenty people all told, bhí fiche duine ann ar fad. S.a. BEAD1 1. II ► tell, v.i. a Téann i bhfeidhm, i gcion. Blood will tell, ní féidir an dúchas a cheilt. Words that tell, focail a bhfuil éifeacht iontu. Every shot tells, déanann gach urchar a chion féin; téann gach urchar abhaile. It will tell upon your health, cuirfidh sé ar do shláinte. Drink tells upon one in time, fágann an t-ól a dheasca ar dhuine sa síneadh fada. b This tells in his favour, tá seo ina leith. Everything told against him, bhí gach aon sórt ina choinne.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is above telling a lie, ní chromfadh sé ar bhréag.
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
F: I'm afraid I can't tell you that, is oth liom nach dtig liom sin a rá leat.
Allow me to tell you the truth, éist leis an bhfírinne uaimse.
Anyone will tell you so, déarfaidh gach uile dhuine leat é.
It is difficult to tell them apart, is deacair aithint eatarthu, iad a aithint ó chéile.
He was telling his beads, bhí sé ag rá an phaidrín.
All truths will not bear telling, ní bhíonn an fhírinne ininste i gcónaí.
You ought to have told me beforehand, ba chóir duit a insint dom roimh ré.
A little bird told me so, chuala mé ag dul tharam é.
Prov: Blood will tell, gach uige mar a hábhar.
Both of these stories must be told, caithfear an dá scéal seo a insint.
To tell a brazen lie, bréag a insint gan scáth, gan náire.
Prov: Breed will tell, gach uige mar a hábhar.
I was bursting to tell him, bhí mé ar gor lena insint dó.
What business had you to tell him so? cad a thug ort a insint dó?
But I tell you I saw it, ach deirim leat go bhfacas é.
How can you tell? cá bhfios duit?
To tell s.o. sth. in confidence, rud a insint i modh rúin do dhuine.
Dead men tell no tales, ní sceitheann an uaigh a rún.
Now he has a different tale to tell, tá athrach scéil anois aige.
Who ever told you that? cé inis é sin duit airiú? cé sa tubaiste a d'inis é sin duit?
I told him so to his face, dúirt mé lena bhéal é.
He had the face to tell me so, bhí sé de dhánacht ann é a rá liom.
To tell a falsehood, bréag a insint.
To tell fortunes, fios, fáistine, a dhéanamh.
She told my fortune by cards, léigh sí na cártaí dhom.
Tell her from me that . . ., beir leat uaim chuici go . . .
Out of the fullness of his heart he told us . . ., d'aithris sé dhúinn agus tocht ar a chroí.. .
Telling ghost-stories, ag taibhseoireacht.
I am going to tell you a story, inseoidh mé scéal duit anois.
Tell us your honest opinion, inis do bharúil go hionraic dúinn.
Tell me how he did it, inis dom conas a rinne sé é.
Did you tell him that -- I did, ar inis tú é sin dó? -- D'inis.
I thought it well to tell you, chonacthas dom gur chóir dom a insint duit.
I just told him that..., dúirt mé anonn is anall leis go . . .
I am bound in justice to tell him that . . ., caithfidh mé an fhírinne a dhéanamh agus a rá leis go ...
Have you ever known me to tell a lie? an bhfuair tú riamh bréagach mé? He had never been known to laugh, ní fhacthas riamh ag gáire é.
He laps up everything you tell him, slogann sé gach aon sórt a deirtear leis.
Lest I tell a lie, leisce na bréige.
Let me tell you that . . ., bíodh a fhios agat uaimse go . . .
To tell lies, bréaga a insint; bréaga a dhéanamh.
On your life, do not tell, ar d'anam, ar do bhás, ná hinis.
The incident did not lose in the telling, murar cuireadh leis an scéal ní baol gur baineadh uaidh.
He told me in so many words, dúirt sé gan frapa gan taca liom é.
F: Tell that to the (horse-) marines, inis do scéal don ghealach.
I told him my mind, lig mé m'intinn leis.
They need to be told everything, caitear, ní mór, an uile rud, a insint dóibh.
I need hardly tell you . . ., ní gá dom a rá leat. . .
Tell him to be nippy about it, abair leis bealadh a chur faoina ioscaidí.