EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
communication, s. 1 a Communication of a piece of news to s.o., aithris f, insint f, nuachta do dhuine. Communication of ideas, idir-riaradh m ídéithe. b To read a communication, scéala a léamh. 2 He got into communication with her, chuir sé scéala chuici. They were in communication with one another during the week, bhí teachtaireachtaí eatarthu i rith na seachtaine. 3 Córas m teachtaireachta; cumarsáid. Line of communication, bealach m teachtaireachta; idirbhealach m.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Severance of communications, gearradh m na gcóras teachtaireachta.
No communication in any shape or form, scéala de chineál ar bith (dubh, bán ná riabhach).
Communication trench, trinse m ceangail.