PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is bent on ruining you, níl faoi ach do chreachadh.
To break s.o., (i) (of losses) duine a chreachadh; (ii) (of grief) duine a choscairt; (iii) (of age, illness) duine a chloí.
To bring s.o. to beggary, duine a chreachadh, duine a chur ag caitheamh na miotán.
She brought about his ruin, ba í ba chúis lena chreach.
Drink has brought him down, is é an t-ól a rinne a chreach.
He is on the brink of ruin, tá sé ar shéala bheith creachta.
A broken man, (i) fear creachta; (ii) fear croíbhriste.
F: To run with the hare and hunt with the hounds, an chreach a sheilg agus an tóir a chosc; bheith mar Thadhg an dá thaobh.
He has been hard hit, tá sé creachta.
To lift cattle, creach bó a thógáil.
On the loot, ar ruaig creiche; i mbun bradaíola.
It is a great loss, is mór an scrios, an chreach, é.
It means my ruin, is ionann é is mo chreach.
St.Exch: To carve, to cut up, the melon, an chreach a roinnt.
To milk the till, an ciste a chreachadh.
She was more of a hindrance than a help, ba mhó an chreach ná an chabhair í.
You ought to have seen it! mo chreach nach bhfaca tú é!
Predatory animals, ainmhithe creiche.
Birds of prey, éin chreiche.
To prey upon sth., rud a fhiach, a sheilg, a chreachadh.
To rifle a tomb, uaigh a chreachadh.
It was, it proved, the ruin of him, is é a rinne a chreach, a chabhóg.
Ruinous expense, caiteachas creachta.
It proved ruinous to him, is é a rinne a chreachadh.
You should have seen him! mo chreach nach bhfaca tú é! dá bhfeicfeá é!
The shop went smash, briseadh, creachadh, an siopa; chlis an siopa.
To my sorrow! mo léan! mo chreach!
It spells ruin, is geall le creach é; is ionann agus creach é.
F: He is sunk, tá sé creachta, tá deireadh leis.
That was his undoing, ba shin é a rinne a chreach.
To lay waste, (áit) a chreachadh, a bhánú.
Woe is me! mo léan! mo chreach!