EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
expectation, s. 1 a Dóchas m, súil f. It came up to my expectations, bhí sé chomh maith díreach agus a cheapas a bheadh. He fell short of my expectations, loic sé orm, ní raibh sé chomh maith is bhí súil agam a bheadh sé. Contrary to all expectations, ainneoin an tsúil a bhí ag gach uile dhuine. b With eager expectation, go tnúthánach. 2 pl. Expectations, seans m ar oidhreacht. 3 Dealramh m, cosúlacht f. Expectation of life tables, táblaí dóigh saoil. 4 Ionchas m; súilíocht f.