Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: buck · cluck · duck · fuck · lack
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for luck »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
luck, s. 1 Ádh m, seans m. Good luck, an t-ádh, an rath m. Ill luck, bad luck, mí-ádh m, drochrath m. He is down in his luck, tá an saol ag rith ina choinne. To turn a player's luck, an roth a iompú ar imreoir. To try one's luck, dul san fhiontar, sa seans. To bring s.o. good, bad, luck, an t-ádh, mí-ádh, a tharraingt ar dhuine. Better luck next time! beidh lá eile ag an bPaorach! Worse luck! mar bharr ar an donas! Hard luck! is mór an feall é! is bocht an scéal é! As luck would have it . . ., mar bharr ar an ádh, ar an mí-ádh . . . 2 Ádh m, séan m, rath m -a. He had the luck to ..., bhí den ádh air go . . . Keep it for luck, coinnigh é agus go gcuire sé an t-ádh ort. Bit, piece, stroke, of luck, sciorta m den ádh. He is in luck, out of luck, tá an t-ádh, an mí-ádh, ag rith leis. My luck's in! tá rith an ráis liom! More luck to him! a chonách sin air!
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He hadn't any luck from that on, ní raibh lá den ádh air uaidh sin amach.
A bit of luck, sciorta den ádh.
To bring s.o. luck, ill luck, misfortune, an t-ádh, an mí-ádh, an tubaiste a tharraingt ar dhuine.S.a. LUCK 1
adv.What deuced bad luck! cad é mar mhí-ádh!
They gloated over my bad luck, ba gheal leo mo thubaiste; ba í an ola ar an gcroí acu mo dhrochscéala.
F: Hard lines! hard luck! tá go dona!
As ill-luck would have it, he arrived too late, de bharr ar an mí-ádh, bhí sé mall ag teacht.
By ill-luck, as ill-luck would have it, mar bharr ar an mí-ádh, ar an tubaiste.
My luck is in, tá babhta den ádh orm.
With luck he may get it, seans go bhfaighidh sé é, ach an t-ádh a bheith air.
A piece of good luck, sciorta m den ádh.
To take pot luck, an t-arán a ghlacadh mar a gheofá é.
Rotten luck! nach ort a bhí an mí-ádh!
He had a great run of luck, bhí an t-ádh ina rith air.
Slice of luck, sciorta den ádh.
A stroke of good luck, beangán m, sciorta m, den ádh.
F: Talk about luck! ní ádh go dtí é!
To trust to chance, to luck, dul i muinín an áidh, dul sa seans.
His luck has turned, d'iompaigh an roth air.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News