EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
snap1, I s. 1 a Áladh m, snab m; sclamhadh m. To make a snap at s.o., áladh a thabhairt ar dhuine. b Cnag m (fiacal), blosc m (fuipe), smeach f (méar). The box shut with a snap, dhruid an bosca de bhlosc. I don't care a snap, ní miste liom sa diabhal. 2 Pléascadh m (slaite, etc.). 3 Cold snap, tamall m fuachta. 4 F: Fuinneamh m, beocht f, tapadh m. Style full of snap, stíl bheoga. Put some snap into it, cuir spionnadh ann. 5 Cu: Snap m. 6 Snap (-fastener), smeachdhúntóir m. 7 Phot: Grianghraf m (mear). 8 Cards: Snap m. II attrib.a. Tobann. Parl: Snap division, vóta m tobann. III adv. It went snap, chnag sé, phléasc sé.
snap2, I v.i. 1 (Of dog) Snabann, alpann. To snap at s.o., áladh a thabhairt ar dhuine. F: He snapped at the opportunity, thapaigh sé an deis. 2 (Of whip) Bloscann, cnagann; (of fastener) dúnann de smeach; (of pistol) scaoileann. 3 It snapped asunder, phléasc sé ina dhá chuid. II v.tr. 1 The dog snapped it, d'alp an madra é. 2 a Cnagaim, bloscaim (fuip). He snapped his fingers, bhain sé blosc, smeach, as a mhéara. To snap one's fingers at a threat, neamhshuim a dhéanamh de bhagairt. b To snap s.o., grianghraf mear a thógáil de dhuine. 3 Brisim, pléascaim (bata). Snapped tendon, teannán briste. 4 To snap out an order, ordú a thabhairt go giorraisc. 5 Tapaím (rud). Aut: To snap in a gear, giar a fhostú go pras.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Patent fastener, snap fastener, smeachdhúntóir m.
Don't snap my head off, ná hith mé.
To snap up a bargain, léim a thabhairt ar saorchonradh.