Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: spirt · sprit · piri- · pirít · spairt
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for spirit »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
spirit1, s. 1 Anam m -a, intinn f. He was vexed in spirit, bhí sé faoi bhuaireamh intinne, aigne. Peace to his spirit, suaimhneas síoraí dá anam. I shall be with you in spirit, beidh mé ag cuimhneamh ort (is tú ansin). 2 a Spiorad m. The Holy Spirit, an Spiorad Naomh. Evil spirit, ainsprid f. S.a. MOVE2 I. 3. b To raise a spirit, taise f, sprid f, a mhúscailt. He believes in spirits, creideann sé go bhfuil taibhsí ann. 3 (Pers.) The discontented spirits of the regiment, maca mpl míshásta na reisiminte. He was the leading spirit of the movement, ba é ceann feadhna na gluaiseachta é. 4 Meon m, intinn f, aigne f. The spirit of the age, meon na haoise. Party spirit, díograis f do pháirtí; meanma pháirtí. To follow out the spirit of the order, brí f, aigne, an ordaithe a chomhlíonadh. He took it in a wrong spirit, thóg sé i ndrochpháirt é. In a spirit of mischief, le teann diabhlaíochta. To enter into the spirit of sth., do chroí a chur i rud. 5 a Miotal m, misneach m. Man of spirit, fear anamúil. He showed spirit, thaispeán sé an dea-mhianach. To catch s.o.'s spirit, ligean do mhisneach duine dul i gcion ort. b Díograis f, fuinneamh m. He went on playing with spirit, d'imir sé leis go spionnúil. c He is full of spirits, tá sé lán de theaspach, de cheol. He is in good spirits, tá aoibh bhreá air, tá sé somheanmnach. He is in high spirits, tá sé ar bharr na gaoithe; tá gealadhram air. He is in low spirits, tá lagmhisneach air; tá sé domheanmnach. Keep up your spirits! bíodh uchtach agat! coinnigh do mhisneach! To recover one's spirits, misneach a ghlacadh chugat féin. Their spirits rose, mhéadaigh ar an misneach acu. 6 Usu. pl. a Biotáille f, alcól m. Raw spirits, biotáille amh. Glass of spirits and water, gloine bhiotáille agus uisce. b Spirits of salts, biotáille shalainn. Spirits of turpentine, biotáille thuirpintín.
spirit2, v.tr. 1 To spirit s.o. away, duine a thabhairt as. To spirit sth. away, rud a ghoid gan fhios. 2 To spirit s.o. up, duine a spreagadh chun misnigh.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Blessed are the poor in spirit, is beannaithe na boicht i sprid.
To break s.o.'s spirit, beaguchtach a chur ar dhuine; a mhisneach a bhaint de dhuine.
His spirit broke, chaill sé a chroí agus a uchtach, thit an lug ar an lag aige.
The spirit that breathes through his work, an sprid atá le mothú ina chuid oibre.
His spirit is broken, tá a chroí caillte aige.
Competitive spirit, sprid na coimhlinte, na hiomaíochta.
He damped my spirits, chuir sé beaguchtach orm.
He dashed my spirits, chuir sé drochmhisneach, beaguchtach, orm.
Devil-may-care spirit, intinn (i) mheargánta, (ii) aerach, neamhbhuartha.
Discontented spirits, daoine clampracha, achrannacha.
Disembodied spirit, spiorad díchollaithe.
To dispossess s.o. of an evil spirit, deamhan a ruaigeadh as duine.
To revive s.o.'s drooping spirits, misneach a mhúscailt sa duine meathlaithe.
He entered into the spirit of the conversation, luigh sé isteach le meanma an chomhrá.
Evil spirit, ainsprid f.
Familiar spirit, deamhan m coimhdeachta.
To feel low, to be in low spirits, bheith lagbhríoch; bheith bréan den saol.
Lowness (of spirits), lagmhisneach m, lagbhrí f.
Methylated spirit, biotáille mheitileach.
F: I will do it, when the spirit moves me, déanfaidh mé é nuair a thiocfas an fonn orm, nuair a bhuailfeas an tallann mé.
The moving spirit, croí agus anam (na gluaiseachta).
Out of spirits, tromchroíoch; as giúmar.
Parochial spirit, dearcadh áitiúil.
To act in a partisan spirit, beartú go claonta.
Spirit 30% below proof, alcól 30% faoi bhun profa.
To raise s.o.'s spirits, misneach a chur i nduine.
To raise a spirit, sprid a mhúscailt.
His spirits revived, tháinig a mhisneach ar ais chuige.
Spirit(s) of salts, aigéad m hiodraclórach.
His spirits sank, thréig ar an misneach aige.
To smooth s.o.'s ruffled spirits, duine a thabhairt chun suaimhnis.
In a sporting spirit, i bpáirt mhaitheasa; faoi thuairim spóirt.
The team spirit, (an) comhar m.
He travels in tea, in spirits, taistealaí tae, biotáille, é.
Unbroken spirit, misneach nár cloíodh.
Unbroken spirit, meanma dhochloíte.
Spirit varnish, vearnais alcóil.
Vexation of spirit, crá croí; buaireamh intinne.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News