EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
terror, s. 1 Uamhan m, scéin f, sceimhle m, scanradh m. To be in terror, uamhan a bheith ort; bheith ar uafás. He was in terror of his life, bhí eagla a bháis, scanradh a anama, air. F: To go in terror of s.o., bheith ar crith le heagla roimh dhuine. He has a holy terror of fire, tá eagla an domhain roimh an tine air. Fr.Hist: The (Reign of) Terror, Ré m an Uafáis. 2 a He is the terror of the countryside, tá an pobal tógtha ó lár aige. b F: He's a little terror, a holy terror, is é an diabhailín, an t-áibhirseoirín, cruthanta é. He was a terror for always being late, bhí sé riamh tugtha do bheith déanach.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Panic (terror), scaoll m, líonrith m, anbhá m.
To strike terror into s.o., an croí a scanrú i nduine.
He was struck with terror, bhuail uamhan é.