DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
cúis le plé (go háirithe i gcúirt dlí)
réiteach le cíor; plé, scrúdú go mion (ceist a chíoradh)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
plé, caibidil, go háirithe ar leibhéal idirnáisiúnta nó idir mhóreagraíochtaí mar cheardchumainn agus bainisteoireacht etc.
corraí, gníomhaíocht; achrann; luail, plé, luaiteachas
min nó púdar a dhéanamh de rud, mionú; cur thart, caitheamh (an aimsir a mheilt); plé, cíoradh
pléadáil; díospóireacht (ag plé na ceiste; tá plé a chirt ann); déileáil, truc (ní tusa atá ag plé linn)
plé déanta air; tugtha, tnáite
comhdháil de dhaoine saineolacha chun ábhar áirithe a phlé
suí nó téarma suite (cúirte, dála etc.) chun gnó a dhéanamh nó cúrsaí a phlé; cruinniú sóisialta nó siamsa (seisiún cainte, ceoil)
cruinniú nó comhdháil chun ábhar a phlé
meascadh, croitheadh (moirtéal a shuaitheadh); fuineadh (taos a shuaitheadh); searradh, aclú (matáin, géaga, a shuaitheadh); traochadh, tuirsiú (bheith suaite tar éis an lae); cur trí chéile, corraí (aigne shuaite; tá an fharraige suaite); cíoradh, plé (ag suaitheadh na ceiste)