EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
sracadh fir1 baint nó tarraingt le fórsa (shrac siad an t-éadach de; shrac an bád an t-ancaire); fadhbáil (táimid ag sracadh linn); babhta, tamall (sracadh breá codlata); neart, fuinneamh (fear a bhfuil sracadh ann) ► sracaire fir4 ► sracaireacht bain3
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
sracadh as a chéile; tarraingt i do dhiaidh; streachailt, strácáil
sracadh, tarraingt; strácáil, streachailt (sraonadh chun cinn; má shraonann sé go maidin); claonadh (solas a shraonadh)
buille (aon stróic oibre; gach aon stróic chomh maith leis); sracadh; giobal (tá mo chóta ina stróiceacha); stiall, stráice (stróic aráin, talún)
codanna beaga a dhéanamh (de rud) (stróic sé ina dhá leath, ina phíosaí, é); tarraingt le fórsa, sracadh (stróic mé aníos as an talamh iad; ag stróiceadh a chuid gruaige); strácáil (tá sé ag stróiceadh leis); spalpadh (ag stróiceadh eascainí); stráice (stróiceadh mór oibre)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)