TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
bargain1, s. 1 Margadh m. To make a good bargain, margadh maith a dhéanamh. He got the worst of the bargain, is air a chuaigh meath an mhargaidh. To strike, drive, a bargain with s.o., margadh a dhéanamh le duine. S.a. BEST1 1 A real bargain, sladchonradh, sladmhargadh. Into the bargain, le cois, lena chois sin. It's a bargain! margadh é! 2 Bargain sale, saor-reic m. Bargain price, saorchonradh m. (Of article) It is a bargain, conradh maith é.
bargain2, v.i. a Téim chun margaidh, déanaim margadh (le duine). To bargain with s.o. for sth., margadh a dhéanamh le duine faoi rud. F: I didn't bargain for that, ní raibh mé ag súil leis sin. F: He got more than he bargained for, fuair sé rud nach ndearna sé margadh air. b (Haggle) To bargain with s.o., bheith ar margáil le duine.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He got the best of it, of the bargain, bhí an chuid ab fhearr de, den mhargadh, aige.
To make the best of a bad job, of a bad bargain, an chuma is fearr a chur ar dhrochmhargadh.
To bind a bargain, margadh a cheangal.
To declare the bargain off, an margadh a bhriseadh.
To drive a bargain, margadh a dhéanamh.
To enter into a bargain, a contract, margadh, conradh, a dhéanamh.
Even bargain, margadh cothrom.
F: Bargain-hunting, cuardach saorgála.
He has a keen eye for a bargain, tá a fhios aige cá bhfuil a mhargadh.
It is a bargain for the money, conradh maith ar an airgead é.
To snap up a bargain, léim a thabhairt ar saorchonradh.
To strike a bargain, margadh a dhéanamh.