TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
prime1, a. 1 a Príomha, príomh-. It is of prime importance, tá sé ríthábhachtach. Prime necessity, bunriachtanas m. b Prime Minister, (i) (in Ireland) Taoiseach m; (ii) Príomh-Aire m. 2 Den chéad scoth. Prime quality meat, feoil den chéad scoth. 3 Príomh-, bun-, bunaidh. Prime cause, bunchúis f. Mth: Prime number, uimhir phríomha.
prime2, s. 1 a Foirfeacht f, críochnúlacht f. In the prime of his life, in his prime, ina shea; i mbláth a mhaitheasa. She is past her prime, tá a bláth curtha aici. b Sméar mhullaigh, céadscoth f, togha f (na feola, etc.). 2 Tosach m; tús m. 3 Ecc: Príomh f. 4 Fenc: Céadgharda m. 5 Mth: N prime, n príomha.
prime3, v.tr. 1 Prímeálaim (caidéal, gunna). 2 F: a Teagascaim (finné). To prime s.o. with a speech, óráid a chuir i gceann duine. b He is well primed (with liquor), tá lastas maith ar bord aige. 3 a Paint: Cuirim bunbhrat (de phéint, d'ola) ar (adhmad). b Cuirim bián faoi (chanbhás).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Prime cause, príomhchúis.
Com: Prime cost, net cost, bunchostas m.
Prime cut, stiall f den chéad scoth.
He was cut off in his prime, cailleadh é i mbláth a mhaitheasa.
Prime factor, fachtóir príomha.
Prime mover, (i) Mec: príomhthiománaí m; (ii) (of pers.) bunúdar m.
(Priming-)pan, panna m prímeála (gunna).