Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: squeezer · sneeze · queen · queer · queue
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh squeeze »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
squeeze1, s. 1 a Teannadh m, fáscadh m, brú m. b Barróg f. To give s.o. a squeeze, barróg a bhreith ar dhuine; duine a fháscadh i do bhachlainn. 2 Brúdán m, plúchadh m (daoine). It was a tight squeeze, ní raibh ann ach go raibh slí ann. 3 A squeeze of lemon, cúpla deoir de shú líomóide. 4 Múnla m, lorg m (boinn, eochrach, etc.).
squeeze2, v.tr. 1 a Teannaim, fáiscim, brúim. To squeeze s.o.'s hand, greim teann a bhreith ar láimh duine. He squeezed his finger in the door, rug an doras ar a mhéar. He was squeezed to death in the crowd, maraíodh sa bhrúdán é. b Teannaim, fáiscim (duine) i mo bhachlainn; beirim barróg ar. 2 To squeeze sth. into a box, rud a chuachadh, a dhingeadh, isteach i mbosca. To squeeze the juice out of a lemon, an sú a fháscadh, a bhrú, as líomóid. He squeezed himself through the hole, sháigh sé é féin tríd an bpoll. Squeeze up! teannaigí le chéile! conlaigí! 3 a Teannaim, cúngaím, ar (dhuine). b To squeeze money out of s.o., airgead a fháscadh as duine (le foréigean).
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht