TORTHAÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
suaimhnigh1, v.t. & i. Quiet, pacify; calm, tranquillize. Duine a shuaimhniú, to quiet, to pacify, s.o. Focal a shuaimhnigh é, a word that mollified him. Shuaimhnigh an buille sin é, that blow settled him. Suaimhneoidh an saol iad, life will tame them. Tá an fharraige ag suaimhniú, the sea is getting calm. Shuaimhnigh an oíche, the night became still. Tá siad ag suaimhniú (síos), they are getting quiet; they are settling down to rest. (Var:suaimhneasaigh)
suaimhnigh2, gsm. of suaimhneach.