TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
substantial, a. 1 Substaintiúil. 2 Fódúil, tábhachtach. Substantial reason, fáth trom. A substantial difference, difríocht mhór. Substantial proof, cruthú iomlán. 3 a Substantial food, bia scamhardach. Substantial meal, béile tacúil, tathagach. b Daingean, tathagach. Substantial furniture, troscán maith láidir. Man of substantial build, fear teann, téagrach; balcaire fir. 4 Substantial person, duine acmhainneach, deisiúil. ► substantially, adv. 1 Go substaintiúil; dáiríre. 2 Go daingean, go tathagach. 3 Go mór. It substantially contributed to our success, ba mhaith an cuidiú againn é.