TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
coirce fir4 cineál gráin a thugtar d'ainmhithe agus a úsáidtear chun leite a dhéanamh
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
coirce, cruithneacht, eorna agus a leithéidí; grán a bhfuil bia ann
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
grán le haghaidh a mheilte; min choirce agus bainne measctha le chéile
leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir)
bia d'ainmhithe (ar nós féar, coirce, etc.), farae
arbhar meilte ina phúdar (min choirce, min bhuí)
bia te don bhricfeasta déanta as min choirce agus uisce nó bainne; abar, ciseach (tá sé ina phraiseach agat)
baint an chrotail de ghráinne nó de shíolta; oscailt sliogán éisc; sileadh, caitheamh (coirce ag scileadh); scealpadh (clocha ag scileadh); sceitheadh (rún a scileadh); stealladh (ag scileadh éithigh)
triopall (olla, etc.); mám, lámh (slám coirce); suim mhór (slám airgid); néal, scailp (slám ceo, slám den mhí-adh)
baint nó gearradh le speal; scilligeadh (coirce ag spealadh); lomadh (is mór a speal sé le bliain); scaipeadh (speal sé a chuid airgid)
oiriúnach, aibí (coirce in úd a bhainte)