TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
draíocht bain3 an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air) ► draíochtach aid1
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
fear cleasa draíochta; cleasaí
fear draíochta; lúbaire, rógaire, cleasaí; duine rúnmhar
duine a imríonn draíocht, draíodóir; tairngire, fear feasa; cleasaí
cosc, bac (tá geis air); ceangal, oibleagáid (bhí sé de gheasa air gan labhairt); draíocht (cibé geasa a bhí aici air)
paidir nó foirmle dhraíochta chun leigheas a dhéanamh, etc.
bata caol (slat sailí, slat iascaigh); barra caol miotail; caighdeán tomhais (cén tslat tomhais a bhí agat?); tomhas faid trí troithe; ráille (slat staighre, slat droichid); gunail báid; fleasc (slat draíochta; slat do dhroma)