SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
dúluachair, drochaimsir gheimhridh
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
scrabha, rian, riast (scríob iongan; scríob i dtalamh); iarracht, seal (scríob oibre; den chéad scríob); marc, teorainn (ceann scríbe, i ndeireadh na scríbe); ráig, ruaill (d'aon scríob amháin); drochaimsir, stoirm (tá scríob ar an oíche; amuigh faoin scríob)
mír a thagraíonn d'ainmfhocail iolra agus do dhaoine i gcoitinne agus a úsáidtear mar ainmní briathair (leabhair bhreátha ach níl siad léite agam; deir siad go bhfuil drochaimsir air)