TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
grúpa fir4 roinnt daoine nó rudaí i dteannta a chéile, gasra, scata
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
grúpa ceoltóirí ag seinm in éineacht, buíon cheoil
tionól mór daoine; grúpa daoine
an grúpa ina bhfuil ainmfhocail etc. rangaithe (tá cúig dhíochlaonadh sa Ghaeilge)
grúpa daoine, aicme, treibh; roinnt (daoine) (is olc an dream iad); cine (an dream dar díobh é; aon dream amháin iad)
aicme, gasra nó grúpa daoine; slua
maoin talún; maoin iomlán duine; grúpa tithe a thógfaí in éineacht faoi scéim údaráis áitiúil, etc.
fuaim béil nó grúpa litreacha a chiallaíonn rud ar leith; abairt, ráiteas, caint (focal a rá le duine); teachtaireacht, eolas (focal a chur chuig duine); gealltanas (d'fhocal a bhriseadh; ar m'fhocal duit)
grúpa daoine a bhíonn ag obair nó ag imirt ar aon taobh le chéile; criú (foireann loinge); bailiúchán rudaí den chineál céanna (foireann uirlisí, foireann fichille)
grúpa focal, cuid d'abairt de ghnáth
buíon, scata; grúpa saighdiúirí; brainse de chumann
grúpa tíortha nó stát faoi aon rialtóir amháin
grúpa a théann amach ag craobhscaoileadh creidimh; cúrsa spioradálta; toscaireacht a chuirtear go tír eile i gcomhair idirbheartaíochta áirithe
píosa dronuilleogach adhmaid, gloine etc., agus ciumhais air go minic (painéil dorais); grúpa daoine atá tofa go speisialta (chun gníomhú ar ghiúiré nó chun ceisteanna a fhreagairt i gclár raidió nó teilifíse)
eagraíocht pholaitíochta (Páirtí an Lucht Oibre); lucht leanúna, drong, grúpa; comrádaí, compánach
grúpa daoine den aon aicme amháin, mar shampla páistí sa bhliain chéanna ar scoil; líne daoine; céim (tá siad ar aon rang amháin)
grúpa daoine a cheaptar chun tír a rialú; an rialú a dhéanann siadsan; córas rialaithe (rialtas daonlathach)
rannóg de chabhlach nó de reisimint; grúpa eitleán
a bhaineann le muintearas idir dhaoine (club sóisialta, cruinniú sóisialta); a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne i gciall ar bith (go háirithe socruithe agus rialacha chun leas an phobail a chur chun cinn) (árachas sóisialta); a bhaineann le grúpaí nó aicmí daoine sa phobal de réir a gcéime nó a seasaimh sa saol etc.
céim, gradam, seasamh etc. duine sa phobal nó in eagraíocht nó i ngrúpa