SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
suíochán fada adhmaid; bord oibre (binse siúinéara); suíochán breithimh i gcúirt dlí; bruach (móna); seilf (chloiche)
brus (bruscar aráin, móna); fuíoll
cnapán crua móna; móinteach, portach
talamh móna, caorán, sliabh
oscailt i rud nó tríd; spás folamh (poll eochrach, poll sróine; rud a chur i bpoll); cúil, carn (poll prátaí, gairbhéil, móna); log, linn (poll uisce, poll snámha); farraige (dul go tóin poill); pluais (poll róin, poll coinín); áit ghránna (poll dubh; cé a mhairfeadh sa pholl sin?)
caladh, cuan; bruach abhann, locha nó farraige; banc (port móna, feamainne); tearmann (port na bpeacach)
ceann de cheithre ráithe na bliana (earrach, samhradh, fómhar, geimhreadh); tréimhse áirithe ama chun rud áirithe a dhéanamh (séasúr na móna, an fhiaigh); tréimhse flúirse, dhea-aimsire, fáis etc.; saibhreas i mbia; anlann
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)