TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
plaisteach1 fir1 ábhar ceimiceach ar nós níolón, polaitéin etc., is féidir a mhúnlú agus é bog nó ar féidir ábhar snáithíneach tacair a dhéanamh as
plaisteach2 aid1 déanta as plaisteach
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
plaisteach a d'úsáidtí mar ábhar scannáin
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
clúdach nó deighilt le stuif (rubar nó plaisteach mar shampla) nach ligeann teas nó leictreachas tríd (Bíonn sreanga leictreachais inslithe)
craiceann an-tanaí i gcorp duine nó ainmhí nó planda a oibríonn mar líneáil nó mar uige cheangail, nó mar shac clúdaigh ar chealla etc.; stráice d'ábhar plaisteach chun grianghraif a thógáil; pictiúr beo
creatlach bhog scagach ainmhí farraige a úsáidtear chun níocháin toisc go gcoinníonn sé an oiread sin uisce; earra cosúil leis seo déanta as plaisteach nó cúr-rubar
(le galf) pionna beag plaisteach nó adhmaid a chuirtear sa talamh agus a leagtar an liathróid air ar an gcéad bhuille de gach poll; an t-achar talún thart mar a dtosaítear ag imirt