Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: agaigh · balaigh · calaigh · eaglaigh · éalaigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
lagaigh, v.t. & i. Weaken. 1. Tú féin a lagú, to enervate oneself. ~ sé mo chroí, it made me weak at heart; it made me feel downhearted. Luas a lagú, to slacken speed. ~ sé a choiscéim, he slowed his pace. Deoch a lagú, to dilute drink. Dath a lagú, to lighten colour. Solas a lagú, to dim a light. Nár lagaí Dia thú! More power to you. 2. ~ mo neart, my strength declined. Fear nár ~ a lámh, a man whose hand never failed. Nár lagaí do lúth, may you never lose your vigour; good yourself! ~ an stoirm, the storm abated. Má lagaíonn an téad, if the rope slackens. Níor ~ an cairdeas eatarthu riamh ó shin, their friendship has never since diminished. ~ ar a phíobaireacht, he piped down.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
~ brí, enervation.
~ misnigh, lowering of spirits.
~ radhairc, dimming of eyesight.
~ gutha, sinking of voice.
~ téide, slackening of rope.
~ stoirme, abatement of storm.
~ péine, easing of pain.
~ dí, dilution of drink.
~ a theacht ort, to weaken.
Ní théann ~ air, he never lets up.
Tá ~ ann, he is very amusing.
Níl ~ fós ar an argóint, there is no falling off in the argument yet.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht