Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.

Ábhar le híoslódáil

Tá leagan in-íoslódáilte den bhunachar sonraí gramadaí ar fáil anseo saor in aisce, i bhfoirm atá inléite ag ríomhairí, mar áis dóibh siúd ar spéis leo é a úsáid ina gcuid oibre ríomhaireachta féin.

Bunachar Náisiúnta Moirfeolaíochta

Is bailiúchán mór d’fhocail Ghaeilge é seo ina bhfuil taifead de na foirmeacha infhillte agus de na hairíonna teangeolaíocha éagsúla a bhaineann leo. Tá nach mór 43,000 iontráil sa bhunachar seo agus tiomsaíonn sé ainmfhocail, aidiachtaí, briathra agus réamhfhocail.

Open Data Licence Ar fáil faoi Open Database Licence.

Gramadán

Bogearra é seo a thionlacann an bunachar. Tá feidhmeanna ar fáil sa bhogearra chun taifid an bhunachair a lódáil isteach i gcuimhne na ríomhaire agus chun oibríochtaí éagsúla a chur i bhfeidhm orthu, mar shampla frása ainmfhoclach a chumadh as ainmfhocal agus aidiacht.

MIT Licence Ar fáil faoi MIT Licence.

‘Bunachar Náisiúnta Moirfeolaíochta agus Gramadán: Doiciméadúchán Teicniúil’

Léitheoireacht riachtanach chun tuiscint a fháil ar struchtúr an bhunachair agus ar an mbogearra Gramadán.

Comhad PDF, 30 leathanach.

‘Introduction to Gramadán and the Irish National Morphology Database’

Aistriúchán Béarla ar an chéad dá chaibidil den cháipéis thuas.

Comhad PDF, 5 leathanach.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht