EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
heavy, a. 1 Trom. a Heavy parcel, beart trom. It weighs heavy, tá meáchan mór ann. Ph: Heavy bodies, coirp throma. Heavy blow, (i) buille trom; (ii) buille crua (an tsaoil, etc.). Heavy wine, fíon láidir. Heavy food, bia tromchroíoch. Heavy tread, coiscéim throm. b (Of woman) Heavy with child, torrach, ag iompar chlainne. 2 a Heavy baggage, bagáiste trom. Heavy wire, sreang ramhar. Metall: Heavy castings, múnlaí móra. Heavy guns, gunnaí móra. Heavy cavalry, marcshlua trom. b Heavy features, aghaidh mhosach. Heavy line, líne throm. Typ: Heavy type, cló trom. c Heavy beard, féasóg dhlúth. Heavy crop, barr mór. Heavy meal, béile mór. Mil: Heavy fire, lámhach tiubh. Heavy shower, cith trom. Heavy fog, ceo dlúth. Heavy expenditure, costas mór. El: Heavy current, sruth tréan. Heavy cold, drochshlaghdán. d Heavy silence, ciúnas domhain. Heavy sleep, codladh trom. 3 Heavy odour, boladh láidir. The air was heavy with scent, bhí boladh cumhra ar an aer. S.a. HEART1 2. 4 Heavy eyes, súile mairbhiteacha. Heavy with sleep, marbh leis an gcodladh. 5 a (Of work) Trom, maslach, tiarálach. Heavy day, lá crua (oibre). Heavy soil, talamh trom. b Heavy weather, aimsir ghruama. Heavy sea, farraige mhór; farraige ramhar. A heavy sea was running, bhí an fharraige tógtha. She was shipping heavy seas, bhí tonnta móra ag teacht ar bord uirthi. 6 Th: Heavy parts, trompháirteanna. 7 Heavy eater, duine mórshách. Heavy drinker, pótaire mór. Heavy sleeper, duine tromchodlatach. ► heavily, adv. 1 Go trom. Time hangs heavily on his hands, is fada leis an lá. He walked heavily, shiúil sé go tromchosach. 2 Heavily underlined, agus líne throm faoi. To lose heavily, cailleadh go trom. It is heavily taxed, tá cáin throm air. 3 He sighed heavily, rinne sé osna throm. He slept heavily, chodail sé go trom. 4 He was breathing heavily, bhí anáil mhaslach aige. He moved heavily, chorraigh sé go hanacrach.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Heavy artillery, gunnaí mpl móra.
Heavy breathing, (i) anáil ard; (ii) anáil anacrach.
Heavy-browed, trom-mhalach.
Mec.E: Heavy-duty engine, inneall mórchumhachta.
Fat, heavy, earth, talamh bealaithe.
There has been a heavy fall of snow, tá brúcht, duartan, trom sneachta caite aige.
Th: Heavy father, athair dian.
Heavy feeder, goilíoch m mór.
He has a light, a heavy, foot, tá coiscéim éadrom, trom, aige; tá sé éadrom, trom, ar a chois.
He acted towards them with a heavy hand, d'imir sé an t-ansmacht orthu; ba throm lorg a láimhe orthu.
A heavy sorrow hung over the people, bhí an slua faoi bhrat bróin.
Time hangs heavy on my hands, is fada liom an lá.
His heart was full, heavy, bhí croí brúite aige.
He left with a heavy heart, d'imigh sé agus ualach ar a chroí.
Heavy-handed government, rialtas tíoránta.
Heavy-weight cloth, éadach trom.
The heavy industries, tionscail throma.
Heavy-jawed, tromghiallach.
Time lies heavy on my hands, téann sé dian orm an aimsir a chaitheamh; is fada liom an lá.
To make a box too heavy, barraíocht meáchain a chur i mbosca.
Heavy-plant, fearas trom.
A heavy responsibility rests upon them, tá cúram trom orthu.
A heavy sea was running, bhí mórtas farraige ann.
N.Arch: Ship heavy of scantling, long thromadhmaid.
Heavy sea, strong sea, farraige gharbh, mórtas m farraige.
There is a sea, a heavy sea, tá an fharraige ramhar.
We were struck by a heavy sea, tháinig tonn mhór orainn.
She was shipping heavy seas, bhí sé ag teacht ar bord go trom uirthi.
This food sits heavy on the stomach, luíonn an bia seo ar an ngoile.
His responsibilities sit heavy on him, tá a chúraimí ina n-ualach trom air.
It is heavy for its size, tá sé trom ina oiread.
To be a heavy sleeper, bheith tromchodlatach.
There has been a heavy fall of snow, tá sneachta trom caite aige.
(Of ship) She was struck by a heavy sea, bhuail tonn mhór í.
There is a heavy swell, tá oibriú mór san fharraige; tá an fharraige bainte, suaite.
To take a heavy load, bheith acmhainneach ar ualach trom.
Rent takes heavy toll of my income, is mór an bhris ar mo theacht isteach an cíos.
I heard the heavy tramp of the soldiers, chuala mé coiscéimeanna troma na saighdiúirí.
The sound of a heavy tread, torann m coiscéime troime.
(Of ship) To make heavy weather, dua na farraige a fháil; treabhadh roimpi go maslach.
It weighs heavy, tá meáchan mór ann.
Gym: Heavy weight, cloch f neart.