Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: crest · reist · rent · res · reset
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for rest »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
rest1, s. 1 a Sos m -a, scíth f. To go, retire, to rest, dul chun suain, faoi chónaí. He had a good night's rest, chodail sé an oíche go maith. At rest, faoi shuan; faoi shuaimhneas. To set s.o.'s mind at rest, an imní a thógáil de dhuine. When he was laid to rest, nuair a fágadh sa bhaile é. b To take a rest, do scíth a ligean. The day of rest, an Domhnach. c To come to rest, stad (de ghluaiseacht). 2 Mus: Sos m. Quaver rest, sos camáin. 3 Brú m (do mhairnéalaigh, etc.). 4 Taca m. Arm-rest (of chair), taca uillinne. Tp: Receiver-rest, taca m glacadáin.
rest2, I v.i. 1 a Glacaim suaimhneas. He will not rest till he has succeeded, ní thiocfaidh sos ná cónaí ann go n-éireoidh leis. To rest in the Lord, suaimhneas na bhFhlaitheas a fháil. Let him rest in peace, suaimhneas síoraí dá anam. The waves never rest, ní thagann sos ar bith ar na tonnta. b Ligim (mo) scíth. Let us rest here awhile, ligimis scíth anseo go fóill. Th: F: To be resting, bheith díomhaoin. S.a. OAR1 . c So the matter rests, sin mar atá ag an scéal go dtí seo. I shall not let it rest at that, ní fhágfaidh mé aige sin é. 2 a His hand resting on the table, a lámh leagtha ar an mbord aige. He let his glance rest on it, lonnaigh a shúil air. A heavy responsibility rests upon them, tá cúram trom orthu. b Trade rests upon credit, an cairde buntaca na trádála. Cf. REST4. II v.tr. a Tugaim sos, scíth, do (dhuine). He rested his men, thug sé sos dá chuid fear. God rest his soul!, go dtuga Dia suaimhneas dá anam. b To rest sth. against sth., rud a chur ina luí, ina sheasamh, le rud.
rest3, s. 1 An chuid eile, an fuílleach. To do the rest, an chuid eile a dhéanamh. For the rest, i dtaca leis an gcuid eile. 2 (Of pers.) The rest, an chuid eile. The rest of us, an chuid eile againn. He did it as well as the rest, rinne seisean é mar dhuine.
rest4, v.i. 1 Fanann, maireann. The affair rests a mystery, tá an scéal ina dhiamhair-rún i gcónaí. Rest assured, bí cinnte dhe; bi dearfa dhe. 2 It rests with you (to do sth.), ortsa atá sé ag brath, ar do láimh atá (rud a dhéanamh). It does not rest with me to . . ., ní agamsa atá sé le (déanamh) . . . It rests with France to decide, ag an bhFrainc atá a shocrú. Cf. REST2.
rest5, s. Lance in rest, sleá i dtaca.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
You may rest assured that..., féadfaidh tú bheith cinnte go . . .
To make s.o. comfortable for the rest of his days, a dhóthain a thabhairt do dhuine go deireadh a shaoil.
Set your heart at rest, ná bíodh aon imní ort.
Home of rest, teach suaimhnis.
He can rest on his laurels, ó tá cáil na mochéirí air féadfaidh sé codladh go headra; féadfaidh sé teacht i dtír ar a cháil as seo amach.
To lay s.o. to rest, in the grave, duine a shíneadh san uaigh.
I like to rest after a meal, is maith liom mo scíth a ligean i ndiaidh mo choda.
F: A minute's rest, nóiméad scíthe.
He has had a good night's rest, chodail sé go maith aréir; rinne sé oíche mhaith chodlata.
To rest, lie, on one's oars, do mhaidí a ligean le sruth.
He overshadowed the rest of them, bhí sé i bhfad os cionn an iomláin acu.
God rest his soul in peace! go dtuga Dia suaimhneas síoraí dá anam
Last resting-place, an seanbhaile.
He's all right for the rest of his life, ní bheidh lá anró go brách arís air.
To rest satisfied with an explanation, leor a ghabháil le míniú.
He stands head and shoulders over the rest, tá airde an chinn aige ar an gcuid eile.
God rest his soul, go ndéana Dia grásta, trócaire, air; suaimhneas Dé dá anam.
To rest for a spell, tamall scíthe a dhéanamh.
In a state of rest, gan chor; faoi chónaí.
He swept the rest of his enemies, dhíbir sé a naimhde de chlár na farraige.
He is out of time with the rest, níl sé ar chomhbhuille leis an gcuid eile.
To want rest, gá a bheith agat le scíth.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News