Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aright · bright · fright · righ · righte
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for right »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
right1, I a. 1 Geom: Dron-. a Right line, dronlíne f. b Right angle, dronuillinn f. To meet at right angles, dronuillinn a dhéanamh le chéile. 2 Ceart, cóir. More than is right, níos mó ná an ceart. It is only right (and proper) to tell you . . ., is é is lú is gann dom a insint dhuit . . . Would it be right for me to...? ar chóir dom . . .? I thought it right to . . ., mheas me gur cheart dom . . . To take a right view of things, breathnú ar rud mar is ceart. To do the right thing, an ceart a dhéanamh. To do the right thing by s.o., bheith ionraic le duine. 3 a Beacht cruinn. The right use of words, úsáid chruinn na bhfocal. To give the right answer, an freagra ceart a thabhairt (ar dhuine). The sum is right, tá an suimiú ceart. To put an error right, dearmad a cheartú. Mistake that could be put right, dearmad m inleigheasta. The right time, an t-am ceart. The clock is right, tá an clog ar an am. b To be right, an ceart a bheith agat. He was right in his opinion, bhí an tuairim cheart aige. Were you right in refusing? ar cheart duit a dhiúltú? c The right word, an focal ceart. The right side of a fabric, an taobh amuigh, deiseal, d'éadach. The plank is not the right width, níl an leithead ceart sa chlár. Is that the right house? an é sin an teach ceart? The right train, an traein cheart. F: Am I right for Dublin? an dtabharfaidh an traein seo go Baile Átha Cliath mé? To put s.o. right, (i) duine a chur ar an mbóthar ceart, ar an eolas; (ii) duine a cheartú. The right man in the right place, an fear ceart don obair. You came at the right moment, is tú a tháinig go tráthúil. To do sth. in the right way, rud a dhéanamh ar an dóigh cheart. The right thing to do, an rud ba chóir, cheart, a dhéanamh. He has the knack of saying the right thing, tagann an focal tráthúil i gcónaí leis. F: He is one of the right sort, togha fir é. That's right! dúirt tú é! Quite right! go díreach glan! F: Right! Right you are! Right ho! déanfaidh sin! He is on the right side of forty, tá sé faoi bhun an daichid. To get on the right side of s.o., duine a bhréagadh chugat. 4 a F: As right as trivet, as right as rain, ar fheabhas an domhain. To be in one's right mind, bheith ar do chiall. He is not right in his head, tá cearr air. That'll set you right, cuirfidh sin ar do chóir féin arís thú. To set things right, rudaí a chur i gceart. Things will come right, beidh gach aon rud mar is ceart fós. b All right. Everything is all right, tá gach rud ceart. It's all right, tá sé ceart go leor. All right! tá ceart! I'm all right again now, táim agam féin arís. I have made it all right for my family, rinne mé socrú maith do mo theaghlach. He's all right for the rest of his life, ní bheidh lá anró go brách arís air. F: It's all right for you to laugh! is réidh agatsa a bheith ag gáire. He is all right! tá an mianach ceart ann. 5 (Genuine) Right cognac, fíorchóinneac m. Right whale, fíormhíol mór. 6 (Of side, etc.) Deas. On the right side, ar an taobh deas; ar thaobh na láimhe deise.   rightly, adv. Go ceart. To act rightly, an ceart a dhéanamh. Rightly speaking, leis an gceart a rá. I cannot rightly say, ní féidir liom a rá i modh fírinne. Rightly or wrongly, I think he is guilty, measaim go bhfuil sé ciontach, bíodh an ceart agam nó ná bíodh. II s. 1 An ceart, an chóir. Might and right, an neart agus an ceart. Right and wrong, an ceart agus an t-éigeart. S.a. WRONG1 II. 1. God defend the right!, cumhdach Dé ar an gceart. To be in the right, bheith sa chóir, an ceart a bheith agat. 2 a Ceart m. To have a right to sth., ceart a bheith agat ar rud. Right of way, (i) Jur: bealach achtaithe; (ii) Aut: ceart m tosaíochta. He has no right to complain, ní gearánta dó. With right of transfer, le ceart aistrithe. By what right? cén ceart atá chuige? To possess sth. in one's own right, rud a bheith agat i do sheilbh dhílis féin. b pl. By rights, le ceart. He is within his rights, tá sé sa cheart; tá gach ceart aige. 3 a To set things to rights, rudaí a chur i gceart. b He did not know the rights of the case, ní raibh fios aige cá raibh ceart ná mícheart sa chúis. I want to know the rights of it, ba mhaith liom dul go bun an scéil. 4 a Deiseal m, taobh deas. On the right, ar deiseal, ar dheis. To keep to the right, coinneáil ar thaobh na láimhe deise. From right to left, ó dheis go clé. Mil: By the right! de réir deise! b Box: Deasóg f. III adv. 1 a (Go) díreach. To go right on, dul caol díreach ar aghaidh. b F: To do sth. right away, rud a dhéanamh ar an mball. I am going there right away, beidh mé ag dul ann ar an bpointe. 2 a He sank right to the bottom, chuaigh sé díreach go tóin. There was a wall right round the house, bhí balla thart timpeall an tí. b Right at the top, ar an bhfíormhullach. Right in the middle, i gceartlár. He threw it right in my face, chaith sé idir an dá shúil orm é. 3 He knew right well that . . ., is rómhaith a bhí a fhios aige go . . . Right Reverend, Fíor-Oirmhinneach. 4 a To do right, an ceart a dhéanamh. You did right, is maith mar rinne tú. S.a. SERVE I. 7. b (Freagairt) i gceart. If I remember right, más buan mo chuimhne. Nothing goes right with me, níl rud ar bith ag éirí liom. I got your letter all right, fuaireas do litir ceart go leor. He is coming right enough, tá sé ag teacht gan amhras ar bith. 5 Ar dheis. Look right and left, breathnaigh ar dheis agus ar chlé. He owes money right and left, tá fiacha ag an saol mór air. Mil: Eyes right! dearcaigí faoi dheis! Right turn! ar dheis iompaígí! Right dress! deasaígí ó dheis.
right2, v.tr. 1 Cuirim i gceart, cuirim ar a chóir féin. (Of boat) To right itself, v.i.to right, teacht chuici féin. 2 a Leigheasaim (éagóir). b Cúitím (duine) (in éagóir). c To right oneself in the eyes of s.o., tú féin a ghlanadh ó choir i dtuairim duine. 3 Ceartaím, cuirim (dearmad) i gceart.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
That's about right, mar sin.
To admit a claim, a right, géilleadh d'éileamh, do cheart.
My rights (as) against the Government, mo cheartsa os coinne an rialtais.
The ship was right ahead of us, bhí an long díreach romhainn.
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
You are altogether right, tá an ceart go hiomlán agat; tá corp na fírinne agat.
Have you the right amount, bhfuil an tsuim cheart agat?
Astr: Right ascension, ceartéirí f.
He asserted his rights, bhain sé a cheart amach.
Assertion of rights, éileamh m ceart.
To attack s.o.'s rights, cur isteach ar cheart duine.
He availed himself of his right, bhain sé feidhm as a cheart.
To do sth. right away, rud a dhéanamh ar an bpointe boise.
Bear to the right, druid ar do dheis.
I believe (that) I am right, tá mé cinnte gur agam atá an ceart.
The road bends to the right, tá an bóthar ag coradh ar dheis.
By right of birth, le ceart cine, le ceart folaíochta.
Under the right breast, faoin gcíoch dheas.
By right, le ceart.
By rights, leis an gceart a dhéanamh.
F: To touch the right chord, an t-áth a fháil ar dhuine; lag a bhaint (as duine).
Civil rights, cearta saoránaigh.
To claim the right to do sth., an ceart le rud a dhéanamh a éileamh.
To contest s.o.'s right to do sth., cur i gcoinne ceart duine chun rud a dhéanamh.
It is the best course, the right course, is é an beart is fearr é.
To debar s.o. a right, ceart a thoirmeasc ar dhuine.
I cannot deny (but) that you are right, ní fhéadaim a shéanadh ná go, nach, bhfuil an ceart agat.
We are denied our right, tá ár gceart á choinneáil uainn.
A: To derogate from a right, baint ó cheart.
Derogation from a right, baint f ó cheart (duine).
Disclaimer of right, séanadh m cirt.
I divest myself of my right, cuirim mo cheart i leataobh.
To do right, an ceart a dhéanamh.
Right dress! ó dheis deasaítear!
To edge to(wards) the right, druidim chun na láimhe deise.
To encroach upon s.o.'s rights, cúngracht f a dhéanamh ar chearta duine.
Encroachment upon s.o.'s rights, cúngrú ar chearta duine.
F: He has the right end of the stick, is aige atá ceann éadrom an scéil.
Straight on end, right on end, díreach i ndiaidh a chéile.
To enforce rights, cearta a bhaint amach.
Jur: To establish one's right, do cheart a shuíomh.
Exclusive right, ceart eisiatach.
He is right to a certain extent, tá cuid den cheart aige.
Mil: Eyes right! dearcaigí faoi dheis!
Film rights, cearta scannánaíochta.
To forfeit a right, ceart a chailleadh, a ligean ar ceal; ceart a dhul ar neamhní.
Fork right for Dublin, ag an ngabhal lean ar do dheis go Baile Átha Cliath.
To the right in fours!, faoi dheis i bhur gceathrair!
Right of free entry, ceart m saoriontrála.
And further, I think it right that . . ., agus thairis sin, is dóigh liom go mba cheart go . . .
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News