Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: again · argaint · agáit · agonist · anaiste
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for against »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
against, prep. 1 a To fight against s.o., troid le duine. To march against the enemy, gluaiseacht in éadan an namhad. He is against it, tá sé ina aghaidh. They fought man against man, throid siad fear san fhear. I did it against my will, in éadan mo thola a rinne mé é. Against my advice, thar mo chomhairle. Against the rules, in aghaidh na rialacha. The weather is against us, tá an aimsir ag cur orainn. There is no law against it, níl dlí ar bith á thoirmeasc. To brush a hat against the nap, hata a scuabadh in aghaidh stuif. b To warn s.o. against sth., duine a chur ar a fhaichill ar rud. c To run, dash, against sth., rith in éadan ruda. He struck his head against the wall, bhuail sé a chloigeann faoin mballa. F: I ran up against him, casadh orm de thaisme é. S.a. COME UP, UP1 1. 5. d He leant against the wall, lig sé a thaca leis an mballa. e Against nature, in aghaidh dola. 2 a My rights (as) against the Government, mo cheartsa os coinne an rialtais. b Over against the school, thall os coinne theach na scoile. 3 It shows up against the white background, tá sé an-soiléir ar an urlár bán. 4 To make preparation against his return, ullmhú a dhéanamh i gcomhair a theacht ar ais. To buy food against the winter, bia a cheannach faoi choinne an gheimhridh. 5 Three this year as against ten last year, trí cinn i mbliana i gcomórtas le deich gcinn anuraidh.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abut sth., to abut on, against, sth., bheith teoranta le rud.
Const: To abut on, against, a wall, teagmháil le balla.
To bring an action against a person, an dlí a chur ar dhuine; duine a thabhairt chun dlí.
To advise s.o. against doing sth., comhairliú do dhuine gan rud a dhéanamh.
To agitate against sth., comhghríosú a dhéanamh in aghaidh ruda.
Laws aimed against our trade, dlíthe ar cuspóir dóibh dochar a dhéanamh dar dtrádáil.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
That is one argument against it, sin aon chúis amháin ina aghaidh.
They took up arms against the government, chuaigh siad i ndeabhaidh lainne leis an rialtas.
They arrayed themselves against the King, chuaigh siad d'aonleith in aghaidh an rí.
To assure s.o. against danger, duine a chaomhnú ar chontúirt, dul idir duine agus contúirt.
To barge into, against, s.o., greadadh in éadan duine.
To battle against public opinion, dul thar bhéal na ndaoine.
He had to battle against the wind, b'éigean dó streachailt in éadan na gaoithe.
v.i.To bear up against pain, pian a fhulaingt go cróga.
To bear up against, under, misfortune, an fód a sheasamh in aghaidh na tubaiste; cruachan in aghaidh na hanachaine.
Nau: To beat to windward, against the wind, bualadh chuige, baint den ghaoth.
To bet against s.o., geall a chur le duine.
He is biased against me, tá sé i mo choinne.
To find a true bill against s.o., glacadh le bille díotála i gcoinne duine.
He is bitter against it, tá sé go dubh ina éadan.
He bleated out a protest against it, chuir sé ina aghaidh go leamh.
The wind blew the rain against the window, bhí an ghaoth ag síobadh na báistí in éadan na fuinneoige.
To blunder against, into, s.o., bualadh in éadan duine.
To bring an action against s.o., an dlí a chur, a thabhairt, ar dhuine. S.a. CHARGE1 6
To bring up sth. against s.o., rud a chur in aghaidh duine.
v.i.He brushed against me, theagmhaigh sé liom.
To bump your head against sth., do chloigeann a ghreadadh in éadan ruda.
I bumped into, against, the wall, greadadh, buaileadh, in éadan an bhalla mé.
To butt (into, against) sth., greadadh in éadan ruda.
F: To lead, conduct, a campaign against s.o., cogadh a chothú in aghaidh duine.
There is no case against you, níl cúis ar bith i d'aghaidh.
To make out a case against s.o., cúis a chur in aghaidh duine.
To caution s.o. against sth., duine a chur ar a airdeall, aireachas, ar rud.
He was chafing against the bars, bhí sé á thraochadh, á chloí, féin i gcoinne na ráillí.
The chances are against me, níl agam ach caolseans.
To bring, lay, a charge against s.o., duine a chúisiú.
To come up against sth., teacht salach ar rud; bualadh in aghaidh ruda.
To come up against s.o., dul chun achrainn, chun spairne, le duine.
He lodged a complaint against me, rinne sé casaoid orm.
To carry on a controversy (with, against, s.o.) on sth., conspóid faoi rud a choinneáil ar bun, a sheadú (le duine).
To take criminal proceedings against s.o., cúis choiriúil a chur in aghaidh duine.
He dashed his head against it, buaileadh a cheann ina choinne.
He dashed against me, bhuail sé i mo choinne.
(Of pers.) He is dead against him, tá sé glan ina choinne.
He decided against me, thug sé breith i m'aghaidh.
v.i.To declare for, against, sth., taobhú le rud go poiblí, cur in aghaidh ruda go poiblí.
To discriminate against s.o., leatrom a dhéanamh ar dhuine.
House divided against itself, teaghlach ina mbeadh imreas, nach mbeadh ag tarraingt le chéile.
To close the door to, against, s.o., an doras a dhúnadh ar dhuine.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To rise (in revolt), éirí amach (against, i gcoinne).
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News