Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: atop · stop · tap · tip · to
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for top »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
top1 I s. 1 Barr m, buaic f, mullach m (crainn, sléibhe, etc.); mullach m (uibhe). On the top of his head, ar bhior a chinn, ar mhullach a chinn. At the top of the tree, i mbarr an chrainn. From top to bottom, top to toe, ó sháil go rinn; ó bhun go barr. To put the best apples on top, na húlla is fearr a chur in uachtar. He came out on top, rug sé an chraobh leis. We are on top, is sinne is treise; sinne atá in uachtar. F: One thing happens on top of another, tarlaíonn gach aon rud i mullach a chéile. He went to bed on top of his supper, chuaigh sé a chodladh láithreach tar éis suipéir. On top of it all he wanted . . ., mar bharr ar an iomlán, bhí sé ag iarraidh . . . Mil: To go over the top, dul de dhroim trinse. 2 Barr m, craiceann m (uisce); uachtar m (bus); dromchla m (na talún); clár m (boird). Oil always comes to the top, tagann an ola i gcónaí ar uachtar. 3 Uachtar (bróige); rigín m (stoca); díon m (cairr, cóiste). Bottle top, caipín m buidéil. 4 Barr m, ceann m (leathanaigh, etc.). Bookb: Gilt top, barr óraithe. 5 Ceann m (boird, sráide). To be at the top of the form, a bheith ag ceann, ag tosach, an ranga. 6 He shouted at the top of his voice, chuir sé a sheanbhéic as; ghlaoigh sé in ard a chinn. I was at the top of my form, bhí mé i mbarr mo mhaitheasa agus mo shláinte. He enjoyed himself to the top of his bent, bhí an-spórt go deo aige. Aut: F: To climb a hill on top, dul suas cnoc san ardghiar. (Cf. TOP-GEAR 2) Nau: The top of the flood, of the tide, barr taoide, barr láin, lán mara. 7 Bot: Flowering top, ceann bláfar. Hort: Turnip tops, scothóga tornapaí. 8 Nau: Barrléibheann m (crainn). 9 Spinning top, caiseal m. II   top, attrib.a. 1 Uachtarach, uachtair, bairr. The top stones, na clocha cinn. The top floor, an t-urlár uachtarach. The top stair, an chéim is airde. A top garment, ball m éadaigh amuigh. Cu: Top ribs (of beef), barreasnacha fpl (mairteola). S.a. HAT. 2 Príomh-, ard-. Sch: The top boy, an garsún is fearr sa rang. He is the top dog, is aige atá an lámh in uachtar.
top2, v.tr. 1 Gearraim, bearraim, bainim, scoithim, an barr de (chrann). 2 a Cuirim barr ar (rud)(with, le). A statue tops the column, tá dealbh i mbarr an cholúin. b He topped off his dinner with a cup of coffee, chaith sé cupán caife siar tar éis a dhinnéir. And to top it all. . ., agus mar bharr ar an iomlán ... 3 Sáraím, bainim (an) barr de. To top sth. in height, barr airde a bhreith ar rud. The takings have topped a thousand pounds, scoith an teacht isteach an míle. To top s.o. by a head, an cloigeann a bheith agat ar dhuine. 4 To top a hill, barr cnoic a bhaint amach. The squadron topped the ridge, ghlan an scuadrún barr an chnoic. 5 To top a list, a class, bheith i mbarr an liosta, ag ceann an ranga. 6 Golf: Sciotaim (liathróid) in uachtar.
top3, s. Caiseal m. To spin a top, caiseal a chur ag rince.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
At the top, ag an mbarr.
Top deck (of bus, etc.) urlár m uachtair.
Navy: Director top, laftán m aimsithe.
To flog a top, caiseal a phéirseáil.
Aut: High, top, gear, ardghiar.
Top hat, silk hat, hata ard (síoda).
F: To proclaim sth. from the house-tops, rud a fhógairt ó na hairde; rud a chur i gcluasa an tsaoil.
To be at the top of the ladder, bheith i mbarr do réime.
Miz(z)en-top-gallant sail, barrsheol m deiridh.
Over (the top of) sth., thar bharr ruda; de dhroim ruda.
To pay top price, an phingin is airde a íoc.  
Right at the top, ar an bhfíormhullach.
Roll-top desk, deasc f rollach.
To sleep like a log, like a top, codladh mar a bheadh rón ann.
He went off at the top of his speed, d'imigh sé leis chomh tiubh géar agus a bhí ina chorp.
At top speed, faoi lánluas; (of ship) faoi lán seoil; (of runner) i mbarr reatha; (of horseman) ar chosa in airde.
To spin a top, caiseal a chur ag fiodrince.
Spinning top, caiseal m.
Bot: Top-end shoot, buinneán m uachtarach.
We had a top-hole time, bhí an-spraoi againn.
The top-notch people of society, fíorscoth f na galántachta.
The top-notes, na nótaí arda.
Cloud-topped peaks, beanna fpl faoi chafairín scamaill.
Ivory-topped walking stick, maide m siúil ceann eabhair.
A topping idea, smaoineamh m sármhaith, tofa.
That's topping!, tá sé sin thar cionn saoil!
A topping dinner, dinnéar galánta.
Topping weather, an-aimsir, scoth f aimsire.
We had a topping time, bhí saol an mhadra bháin againn.
He is top-sawyer here, is é an máistir ar fad anseo é.
F: He is at the top of the tree, tá sé i mbarr a réime.
To get to the top of the tree, barr binne a bhaint amach.
The very top, bottom, an fíorbharr, an fíoríochtar.
To whip a top, caiseal m a bhualadh.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News