Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ait · await · lait · pait · waft
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for wait »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
wait1, s. 1 a Feitheamh f, fanacht f; (of train) stad m. We had a long wait at the station, bhí moill fhada orainn ag an stáisiún. b To lie in wait, luíochán a dhéanamh. To lie in wait for s.o., bheith i bhfuireachas le duine. Jur: Lying in wait, luíochán m. 2 pl. Waits, lucht m carúl (ó dhoras go doras).
wait2, 1 v.i. a Fanaim, fuirím(for s.o., le duine). Wait a moment! wait a bit! fan tamall beag! To keep s.o. waiting, duine a choimeád ag feitheamh, ag fanacht. He is keeping us waiting, tá sé ag baint moille asainn. To wait for s.o., fanacht le duine. Waiting for the bus, ag faire ar an mbus. She was waiting for me when I arrived there, bhí sí romham ann. We are waiting to be served, táimid ag feitheamh le freastal. He did not wait to be told twice, ní raibh an dara focal uaidh. Com: Repairs while you wait, deisiúchán láithreach baill. Prov: Everything comes to him who waits, faigheann foighne fortacht; tagann gach maith le cairde. Wait and see! is maith an scéalaí an aimsir. b To wait at table, friotháil, freastal, ag bord. 2 v.tr. a Fanaim le (huain, etc.); fairim (uair na faille). b To wait a meal for s.o., béile m a choinneáil ar gcúl do dhuine.   wait on, upon, v.ind.tr. a Déanaim friotháil ar, freastal ar, giollaíocht ar (dhuine). She waited on him hand and foot, bhí sí faoina cheann is faoina chois, bhí sé á chur ó bhois go bois aici. Waiting maid, cailín freastail. b Tugaim cuairt ar (dhuine uasal). c Leanann; tagann de bharr (ruda). The ills that wait on intemperance, an dochar a shiúlas leis an ól.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I can afford to wait, ní miste dom fanacht.
F: Wait and see, fan go bhfeicfidh tú.
He was angry at being kept waiting, bhí fearg air cionn is gur baineadh moill as.
Wait awhile, fan go fóill.
I have been waiting for a long time, is fada ag fanacht mé.
Wait a bit! fan tamall beag!
We shall get it by waiting, gheobhaimid é ach fanacht leis.
F: Wait till the cows come home, fan go malairt saoil.
Wait till I finish doing this, fan go mbeidh deireadh agam leis seo.
Wait till I've finished with him, fan go mbeadsa réidh leis.
To wait for sth. to be done, fanacht (le) go ndéanfaí rud.
Wait till Friday, fan go hAoine.
Gentleman in waiting, duine uasal m coimhdeachta (ag rí).
To wait the issue, fanacht leis an deireadh, leis an toradh.
To keep s.o. waiting, duine a choinneáil ag fanacht.
Lady-in-waiting, bean choimhdeachta.
Wait a little while! fan go fóillín, go fóill beag.
To wait for a long time, fanacht tamall fada; tamall fada a thabhairt ag feitheamh.
I could not wait any longer, ní fhéadfainn fanacht níos sia.
You don't mind my keeping you waiting? ní miste leat é má bhainim moill asat?
Wait a minute! fan nóiméad!
Wait til Monday, fan go Luan.
Wait until morning, fan go lá.
Wait till Saturday, fan go Satharn.
Waiting for dead men's shoes, ag faire ar bhás duine.
He hasn't the patience to wait, níl d'fhoighne aige fanacht.
You would have to wait till he came, bheadh ort fanacht go dtiocfadh, go dtagadh, sé.
Wait till Tuesday, fan go Máirt.
To stay, wait, up, fanacht i do shuí.
To wait up for s.o., fanacht i do shuí roimh dhuine.
We shall lose nothing by waiting, ní caill dúinn an mhoill.
In waiting, i seirbhís.
Lady in waiting, bean choimhdeachta.
Wait till Wednesday, fan go Céadaoin.
Just wait a moment, will you? fan tamall beag, le do thoil.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News