EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
write, v.tr. 1 a Scríobhaim. That was not written by me, ní mise a scríobh sin. How is it written? cén chaoi a scríobhtar é? He writes a good hand, tá lorg láimhe maith aige; tá scríbhneoireacht mhaith aige. F: It is written in his eyes, tá sé le haithint ar a shúile. There's rogue written all over him, tá cuma, comharthaí, an rógaire ar gach uile bhall de. Writ large, scríofa i litreacha móra. The bailiff was writ large on his person, bhí cuma chorpanta an bháille air. He writes himself Doctor, tugann sé dochtúir air féin. b M.Ins: =UNDERWRITE. 2 Scríobhaim (leabhar, alt). He writes, scríbhneoir é. F: It's nothing to write home about, níl ábhar maíte ar bith ann. He wrote to me, scríobh sé chugam. I have written to him to come, scríobh mé chuige ag iarraidh air teacht.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Written agreement, comhaontú scríofa.
He amuses himself with writing, tá scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire aige.
To write an appreciation of a book, léirmheas m a scríobh ar leabhar.
I have (just) been writing, tá mé i ndiaidh a bheith ag scríobh.
You are to re-write this page, tá ort an leathanach seo a athscríobh.
Never a year passes but he writes to us, níl bliain ar bith nach scríobhann sé chugainn.
Write to me care of Mrs. X, scríobh chugam tigh Bhean X, f/ch. Bhean X.
He used to write to me on a certain day, bhíodh lá áirithe aige le scríobh chugam.
To commit sth. to writing, rud a chur i scríbhinn.
To couch a request in writing, achainí a chur i scríbhinn.
Crabbed writing, scríbhneoireacht dholéite.
To write to s.o.'s dictation, caint duine a scríobh.
He writes better than I do, is fearr a scríobhann sé ná mar a scríobhaimse.
He earns his living by writing, tuilleann sé a bheatha, tugann sé a bheatha i dtír, le scríbhneoireacht.
Documentary evidence, evidence in writing, fianaise scríofa.
Fair writing, scríbhneoireacht shoiléir.
He writes a first-class fist, tá lorg breá láimhe aige.
He is writing for me, tá sé ag scríobh thar mo cheann.
He writes for the papers, scríobhann sé do na, sna páipéir (nuachta).
To write from s.o.'s dictation, scríobh de réir deachtú duine.
No one writes better so far as style goes, níl aon duine is fearr ag scríobh ná é i dtaca le stíl de.
He writes a good hand, tá lorg maith láimhe aige.
I have to write a letter, tá litir le scríobh agam.
To write in a hurry, scríobh faoi dheifir.
To write in French, scríobh i bhFraincis, as Fraincis.
To write in ink, scríobh le dúch.
It was written in ink, le dúch a scríobhadh é.
It is written that . . ., tá sé scríofa go . . .
He has just written to you, níl sé ach tar éis scríobh chugat.
It would at least be advisable to write, níor mhiste scríobh ach go háirithe.
Writing master, múinteoir scríbhneoireachta.
Writing materials, gléas, cóir, scríbhneoireachta.
Mind you write to him, ná dearmad scríobh chuige.
To write miscellaneously, scríobh ar ábhair éagsúla.
I was in the mood to write, bhí fonn scríbhneoireachta orm.
He writes naturally, tig an scríobh leis go réidh.
I have no room to write more, níl áit agam lena thuilleadh a scríobh.
Write a short note on . . ., tabhair cuntas, cur síos, gearr ar . . .
To write the number on a page, an uimhir a chur ar leathanach.
Play written for the occasion, dráma a scríobhadh faoi choinne na hócáide.
I cannot (either) read or write, níl léamh ná scríobh agam.
Written order, ordú scríofa.
To write in the papers, scríobh ar na páipéir.
For further particulars write to . . ., tuilleadh eolais le fáil ach scríobh chuig . . .
Pedestal writing-table, bord scríbhneoireachta coise.
To write poetry, filíocht f a chumadh.
F: He writes reams, scríobhann sé an t-uafás.
To write in recommendation of sth., scríobh ag moladh ruda.
To reduce sth. to writing, rud a chur i scríbhinn.