PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The accepted custom, an nós a nglactar leis, an nós aitheanta.
He does not look his age, níl a aois le haithint air.
It is difficult to tell them apart, is deacair aithint eatarthu, iad a aithint ó chéile.
F: His looks condemn him, tá a chionta le haithint air.
To be conscious of sth., rud a aireachtáil, a aithint.
At day break, le breacadh an lae, le haithint an lae, leis an lá.
The dictates of conscience, aitheanta an choinsiasa.
To discern good from bad, an mhaith a aithint thar an olc.
That is easy to see, is furasta é sin a aithint.
To know sth. by the feel of it, rud a aithint ar a mhothú.
To pick s.o. out from the crowd, duine a aithint sa slua, thar an gcuid eile.
He looks fuddled, tá an deoir le haithint air.
To know s.o. by his gait, duine a aithint ar a shiúl.
F: A smile hovered over her lips, bhí aoibh an gháire le haithint uirthi.
To identify s.o., duine a aithint, a shainaithint.
Face that indicates energy, aghaidh ar a bhfuil an fuinneamh le haithint.
They are indistinguishable from one another, ní féidir aithint eatarthu.
To know good from evil, aithint idir an mhaith agus an t-olc.
She looks her age, tá a haois le haithint uirthi.
His atone marked him out from the crowd, bhí sé le haithint, le tabhairt faoi deara, thar an slua ar a chuid éadaigh.
He looked at me meaningly, thug sé breathnú orm a raibh go leor le haithint air.
To pick s.o. out from the crowd, duine a aithint as measc an chruinnithe.
To recognize a poor relation, bochtán gaoil a aithint.
To recognize s.o. by his walk, siúl duine a aithint.
F: His face registered disappointment, bhí díomá le haithint ar a ghnúis.
It runs through all his work, tá sé le haithint ar a shaothar ar fad.
F: To scent trouble, trioblóid a aithint ag teacht.
It is easy to see that . . ., is furasta aithint ...
His face showed his delight, bhí an t-áthas le haithint ar a ghnúis.
He shows his age, tá a aois le haithint air.
Look of deep significance, amharc a bhfuil mórán le haithint air.
He looked at me significantly, bhí go leor le haithint ar an mbreathnú a thug sé orm.
F: To smell danger, an chontúirt a aithint roimh ré.
His manners stamp him a gentleman, tá le haithint ar a bhéasa gur fear uasal é.
He speaks with a suggestion of a foreign accent, tá blas beag coimhthíoch le haithint ar a theanga.
To tell right from wrong, aithint idir an mhaith is an t-olc.
To tell the clock, an clog a aithint.
One can tell that she is intelligent, tá an intleacht le haithint uirthi.
Her face tells of suffering, tá an fhulaingt le haithint, le léamh, ar a haghaidh.
To know sth. by the touch, rud a aithint ar a mhothú.
To be unconscious of sth., (i) gan rud a aithint, a bhrath, a aireachtáil; (ii) bheith gan eolas, ainbhiosach, ar rud; gan fios ruda a bheith agat.
F: It is written in his eyes, tá sé le haithint ar a shúile.
To know right from wrong, aithint idir an mhaith agus an t-olc.
From youth upwards he showed talent, ó thús a óige i leith bhí éirim le haithint air.