Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aibhne · aighne · aithe · aithle · caithne
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
aithne could be a grammatical form of: aithin »
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I know a Doctor Walsh, tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach.
The accepted custom, an nós a nglactar leis, an nós aitheanta.
I am acquainted with, tá aithne agam ar (dhuine); tá eolas agam ar (áit, bhealach, etc.).
To become acquainted with a person, aithne a chur ar dhuine.
To make s.o.'s acquaintance, aithne a chur ar dhuine.
To make acquaintances, aithne a fháil ar dhaoine.
Wide acquaintanceship, aithne mhór.
Do you know him at all? an bhfuil aon aithne agat air?
I knew him away back in 1900, bhí aithne agam air chomh fada siar le 1900.
I have known him from a baby, tá aithne agam air ó bhí sé sa chliabhán.
I barely know him, ar éigean atá aithne ar bith agam air.
He became known, fuarthas aithne air.
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
I have known him from a boy, tá aithne agam air, (i) ó bhí sé óg; (ii) ó bhí mé óg.
To bring out a young girl, cailín óg a chur in aithne don phobal.
I brought them together, chuir mé in aithne dá chéile iad.
I know him by sight, tá aithne shúl agam air.
A chance acquaintance, fear aithne cosáin.
When she came to know him, nuair a chuir sí aithne cheart air.
Confusion of sth. with sth., iomrall m aithne.
He is conscious, tá mothú, meabhair, aithne, ann.
He became conscious, tháinig mothú, meabhair, aithne, ann.
He lost consciousness, chaill sé an mothú, an aithne.
The dictates of conscience, aitheanta an choinsiasa.
He was dead drunk, ní raibh féith ná comhaireamh aige, ní raibh aithne a bheart aige.
To enjoin (on) s.o. not to do sth., aithne a chur ar dhuine gan rud a dhéanamh.
He was in possession of all his faculties, bhí aithne a rian is a bheart aige.
I find it does not pay, is é m'aithne air nach mbíonn aon rath air.
He is beginning to feel his feet, tá sé ag fáil aithne air féin.
I had known him for years, bhí aithne agam air leis na blianta roimhe sin,
Forbidden fruit, úll na haithne.
I know him from seeing him in the street, tá aithne agam air de bharr é a fheiceáil sa tsráid.
The forbidden fruit, úll na haithne.
Without a hint of surprise, gan aithne iontais (air, etc).
Mistaken identity, iomrall m aithne.
He revealed his identity to me, lig sé a aithne liom.
He preserved his incognito, níor lig sé a aithne le haon duine.
To inhibit s.o. from doing sth., aithne a chur ar dhuine gan rud a dhéanamh, rud a chrosadh ar dhuine.
I know him intimately, tá na seacht n-aithne agam air.
To introduce s.o. to s.o., duine a chur in aithne do dhuine.
I introduced myself to him, lig mé m'aithne leis.
To give s.o. an introduction to s.o., duine a chur in aithne do dhuine.
He knows a lot of people in Dublin, tá aithne mhór i mBaile Átha Cliath aige.
He had grown out of all knowledge, bhí sé as aithne le méid.
He is known to everyone, tá aithne ag an saol air.
A less known man would be better, b'fhearr fear nach mbeadh oiread aithne air.
He is well known locally, tá aithne mhaith air sa chomharsanacht.
Mistaken identity, iomrall m aithne.
You must know him, ní féidir nó tá aithne agat air.
F: I knew him when he was nobody, bhí aithne agamsa air nuair nach raibh mórán le cur in iomartas air.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News