Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: came · cime · címe · code · coke
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for come »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
come, v.i. 1 Tagaim, tigim. a To come to a place, teacht go dtí áit; áit a shroichint. He has just come from Paris, tá sé go díreach tar éis teacht as Páras. Where do you come from? cérb as thú? cad as duit? He comes this way every week, tagann sé thart an bealach seo gach uile sheachtain. Here he comes, seo é é! seo ag teacht é! seo chugainn é! Coming! tá mé ag teacht. Come to see me, F: come and see me, to-morrow, tar ar cuairt chugam amárach. To come for s.o., for sth., teacht i gcoinne duine, ruda. To come to s.o., teacht chuig duine. To come to the throne, dul i gcoróin. To come to years of discretion, teacht go haois na céille. F: What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith? To come and go, teacht agus imeacht. It came to the surface again, nocht sé aníos arís; tháinig sé go huachtar aríst. Come now! seo anois! Come, come! a little silence! seoigí! seoigí! éistigí! Easy come easy go, light come light go, an rud a fhaightear go bog imíonn sé go bog. b When he came to himself, (i) nuair a tháinig a mheabhair ar ais chuige; (ii) nuair a d'éirigh sé as a chuid drochbhealaí. c F: It will be a week come Tuesday, beidh sé seachtain Dé Máirt seo chugainn. He will be ten come January, beidh sé deich mbliana faoi Eanáir seo chugainn. 2 (Occur, happen) a That comes on the next page, tá sé sin ar an gcéad leathanach eile. Come what may, cibé ar bith céard a tharlós. b How did the window come to be broken? céard a d'éirigh don fhuinneog le gur briseadh í? How could it come to be his? céard a thabharfadh gur leisean é? How come you to be there? céard a thug ann thú? Now that I come to think of it, anois ó chuimhnigh mé air. 3 a What will come of it? cén toradh a bheas air? That is what comes of doing . . ., sin é a tharlaíos de bharr ... a dhéanamh. b He comes of an excellent family, is de thogha na ndaoine é. 4 a The total comes to ten shillings, deich scilling an t-iomlán. How much does it come to? cé mhéad ar fad é? It comes to this, that..., seo é an chaoi a bhfuil sé, go... S.a. NOTHING II. 2. b If it comes to that . . ., más sin é an chaoi a mbeidh sé . . .; má théann sé sa dóigh sin de ... It must come to that, níl aon dul as sin. What he knows does not come to much, ní fiú trácht ar a bhfuil d'eolas aige. He will never come to much, ní dhéanfaidh sé aon mhaith go brách. c That doesn't come within my duties, níl aon bhaint aige sin le mo chuid dualgas. 5 a That comes easy to him, ní fhaigheann sé anró ar bith uaidh sin; tagann sé sin leis go réidh. It came expensive, cheap, is mór, beag, a chosain sé. (Of seam, etc.) It came unstitched, scaoil sé. b You come first, is leatsa tús. You come third, tusa an tríú duine. 6 I have come to believe that . . ., creidim anois go . . . This plan came to be realized, cuireadh an scéim seo i gcrích. I came to like him, thaitin sé liom de réir a chéile. When she came to know him, nuair a chuir sí aithne cheart air. 7 The time to come, amach anseo; romhainn amach; an t-am atá le teacht. The life to come, an bheatha mharthanach; an saol eile. For three months to come, go ceann trí mhí. 8 F: To come it strong, dul thar fulaingt leis. To come it over s.o., a bheith ag gabháil máistreachta ar dhuine. To come the old soldier over s.o., duine a choinneáil faoi do neart.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They came in two at a time, tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt.
He came about three o'clock, tháinig sé i dtrátha a trí a chlog.
To come abreast of a car, teacht aníos cothrom le carr.
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
To come, to drop, across a person, casadh ar duine (de thaisme).
To come into action, dul ag obair.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
To go, come, afoot, imeacht, teacht, de shiúl cos.
I am afraid that he will not come, is eagal liom nach dtiocfaidh sé.
To come after, teacht ina dhiaidh sin.
I come after he goes, tiocfaidh mise tar éis dó sin imeacht, nuair a bheas seisean imithe.
To come again, teacht ar ais arís.
Coming of age, teacht in aois (fir, mná).
To come to an agreement, socrú a dhéanamh.
He came to my aid, thug sé tarrtháil orm.
If he comes at all, má thagann sé ar chor ar bith.
The hour came all too soon, róluath a tháinig an t-am.
Come along with me, teara uait.
Come along! siúl leat anseo!
To come alongside of a ship, teacht aníos le taobh loinge.
Come alongside! tar le bord!
To come alongside a quay, teacht le cé.
To come on alternate days, teacht gach dara, gach re, lá.
Or alternatively you can come to-morrow, nó de rogha air sin féadfaidh tú teacht amárach.
That would not come amiss, ní bheadh doicheall ar bith roimhe sin.
To come to anchor, dul ar ancaire.
F: (Of pers.) He cast, came to, anchor in Dublin, bhain sé faoi i mBaile Átha Cliath.
He came without books and pens, tháinig sé gan leabhar gan pheann.
Come and see me, tar ag breathnú orm.
I am very anxious that he should come, tá mé ag súil go crua lena theacht.
If any of them should come, má thagann aon duine acu.
Come any day (you like), tar lá ar bith (a thogrós tú).
Winter is coming on apace, tá an geimhreadh sa mhullach orainn.
It came apart, d'imigh sé as a chéile, scoith sé as a chéile.
He did not come at the appointed time, níor tháinig sé ag an uair a bhí leagtha amach, a bhí ceaptha.
He went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach.
Be so good as to come, tar, le do thoil.
To come to s.o.'s assistance, dul i gcabhair ar dhuine, teacht a chúnamh do dhuine.
I assume that he will come, is é mo bharúil go dtiocfaidh sé.
A look of blank astonishment came over his face, tháinig leathadh súl air le hiontas.
(Of parts) To come asunder, titim as a chéile.
He came in at the window, isteach an fhuinneog a tháinig sé.
To come to attention, teacht ar aire.
To come back, teacht ar ais.
He will come to a bad end, beidh drochdheireadh air.
He did, came off, badly, ní go maith a d'éirigh leis.
I came off badly in that affair, ní raibh mórán dá bharr sin agam.
He is come, tá sé tagtha.
He is to come to-morrow, tá sé le teacht amárach, tiocfaidh sé amárach.
I was to have come but . . ., bhí mé le teacht ach . . .
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News